Sábháilteacht táirgí

Lipéid Sábháilteachta

Tá na litreacha ‘CE’ marcáilte ar go leor táirgí a dhíoltar san Aontas. Má fheiceann tú an lipéad CE ar an ngreamán atá ar tháirge, nó ar an bpacáistiú nó ar na treoracha a ghabhann leis, ciallaíonn sé sin go gcomhlíonann an táirge na ceanglais go léir chun a mheas go bhfuil sé sábháilte do shláinte an duine agus don chomhshaol.

Tá liosta táirgí ann nach féidir a dhíol san Aontas mura bhfuil siad an lipéad CE orthu, cibé acu a monaraíodh an táirge san Aontas, nó a iompórtáladh isteach i dtír de chuid an Aontais é. Roinnt samplaí de tháirgí a dteastaíonn marcáil CE uathu is iad bréagáin, fearais leictreacha nó gáis, agus trealamh cosanta pearsanta, i measc go leor eile.

Tástáil sábháilteachta táirgí agus aisghairm táirgí

Is iad na húdaráis náisiúnta atá freagrach as cigireacht agus tástáil a dhéanamh ar tháirgí ar an margadh. Má chinntear go bhfuil riosca sábháilteachta ag baint le táirge a díoladh le tomhaltóirí cheana féin, eiseoidh an t-údarás ábhartha aisghairm táirge. Má fhaigheann tú amach gur cheannaigh tú táirge is ábhar d’aisghairm, lean treoracha na n-údarás go cúramach. Tá córas mear-rabhaidh ar fud an Aontais en lenar féidir le tomhaltóirí teacht ar gach foláireamh aisghairme a eisíonn údaráis náisiúnta an Aontais maidir le táirgí seachas bia agus leigheas.

Chun eolas níos mionsonraithe a fháil faoi thástáil sábháilteachta táirgí agus táirgí a tharraingítear siar ón margadh, téigh chuig suíomh gréasáin na tíre ábhartha thíos.

Féach freisin:

Leideanna faoi tháirgí sábháilte a cheannach ar líne en

SafetyGate – córas mear-rabhaidh an Aontais Eorpaigh maidir le táirgí contúirteacha neamhbhia en

Rialacha faoi lipéadú bia bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv

Need support from assistance services?

Get in touch with specialised assistance services

You can also use the assistance service finder to find the right help for you.

Last checked: 04/11/2024
Share this page