Cúram sláinte coisctheach
Tagraíonn sláinte choisctheach do ghníomhaíochtaí sláinte poiblí a bhfuil sé mar aidhm leo daoine a choinneáil sláintiúil. I measc na ngníomhaíochtaí sin tá scagthástálacha ailse cíche, ailse próstataigh nó ailse colaireictí, chomh maith le feachtais imdhíonta (vacsaínithe) agus gnáththástáil le haghaidh galair thógálacha, amhail VEID. Áirítear leis freisin feachtais agus gníomhaíochtaí cumarsáide chun feasacht a mhúscailt. Tá a critéir féin ag gach tír den Aontas maidir le hincháilitheacht i dtaca le cláir um chosc i réimse na sláinte poiblí. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach suíomh gréasáin na tíre den Aontas is spéis leat.