Dífhostaíocht thar lear

Má chailleann tú do phost agus tú ag obair i dtír eile den Aontas, braitheann an tír a íocann do shochar dífhostaíochta ar do chás oibre agus ar d’áit chónaithe - ní ar do náisiúntacht.

An méid atá le déanamh sular chaill tú do phost i gcás ina raibh tú:

Ag smaoineamh ar fhanacht.

Má chailleann tú do phost agus má roghnaíonn tú fanacht sa tír den Aontas ina raibh tú fostaithe, ba chóir duit sochair dhífhostaíochta a éileamh ansin.

Cláraigh mar chuardaitheoir poist leis na seirbhísí fostaíochta áitiúla. Caithfear leat mar a chaitear le náisiúnaigh na tíre sin.

Bí airdeallach ar an méid seo a leanas:

  • tréimhsí oibre a theastaíonn chun cáiliú do shochar dífhostaíochta
  • na rátaí is infheidhme chun an sochar a ríomh
  • fad an tsochair

Más gá duit aon tréimhsí fostaíochta agus clúdach slándála sóisialta thar lear roimhe seo a dheimhniú, d’fhéadfadh sé go mbeidh ort iarratas a dhéanamh ar fhoirm U1 (foirm E 301 roimhe seo) sa tír inar oibrigh tú roimhe seo.

Fiú mura gcuireann tú foirm U1 isteach, is féidir leis na daoine a bheidh ag plé leis an éileamh eolas a fháil go díreach ó údaráis na tíre eile. Mar sin féin, d’fhéadfadh an fhoirm cabhrú le dlús a chur leis an bpróiseáil.

Ag filleadh abhaile?

Má tharlaíonn sé, tar éis duit do phost a chailleadh, go roghnaíonn tú filleadh ar do thír dhúchais, ní mór duit teagmháil a dhéanamh leis an tseirbhís náisiúnta fostaíochta ansin le fáil amach an bhfuil tú fós i dteideal sochar dífhostaíochta tar éis duit a bheith thar lear.

I gcás ina bhfuil, beidh ort an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • clárú go díreach mar chuardaitheoir poist i do thír dhúchais, agus
  • iarratas a dhéanamh ar fhoirm U1 (foirm E 301 roimhe seo) sa tír dheireanach inar oibrigh tú.

Fiú mura gcuireann tú foirm U1 isteach, is féidir leis na daoine a bheidh ag plé leis an éileamh eolas a fháil go díreach ó údaráis na tíre eile. Mar sin féin, d’fhéadfadh an fhoirm cabhrú le dlús a chur leis an bpróiseáil.

Mura bhfuil tú i dteideal sochar i do thír thionscnaimh, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar údarú chun do shochar dífhostaíochta a aistriú ón tír inar chaill tú do phost:

  • ar ais go dtí do thír bhaile, sin nó
  • go tír ar bith eile mar ar mian leat post a lorg

Is iondúil go n-aistrítear sochair ar feadh 3 mhí, ach féadfar síneadh a chur leis sin go tréimhse 6 mhí ar a mhéad.

Má roghnaíonn tú fanacht faoi chumhdach sa tír ónar postaíodh thú, ba cheart go n-íocfaí do shochar dífhostaíochta leat ansin.

Sa chás sin, ba chóir duit clárú mar chuardaitheoir poist leis na seirbhísí fostaíochta sa tír sin.

Má tá tú dífhostaithe go hiomlán, is féidir leat a roghnú sochair dhífhostaíochta a fháil sa tír den Aontas inar postaíodh thú nó i do thír dhúchais - trí chlárú leis na seirbhísí fostaíochta.

  • Má chinneann tú iarratas a dhéanamh ar shochair sa tír inar postaíodh thú, iarr foirm U1 (foirm E 301 roimhe seo) ar an tseirbhís náisiúnta fostaíochta i do thír dhúchais.

    Taispeántar ar an bhfoirm sin na tréimhsí atá le cur san áireamh agus sochair dhífhostaíochta á ríomh. Seol chuig an tseirbhís náisiúnta fostaíochta é sa tír ina bhfuil iarratas á dhéanamh agat ar shochair.

    Fiú mura gcuireann tú foirm U1 isteach, is féidir leis na daoine a bheidh ag plé leis an éileamh eolas a fháil go díreach ó údaráis na tíre eile. Mar sin féin, d’fhéadfadh an fhoirm cabhrú le dlús a chur leis an bpróiseáil.

  • Má shocraíonn tú iarratas a dhéanamh ar shochair i do thír dhúchais, beidh ort dul ar ais ansin.

Déanfar do shochair a ríomh i gcomhréir le rialacha na tíre ina gcláraíonn tú mar chuardaitheoir poist, agus aon tréimhsí a d'oibrigh tú thar lear á gcur san áireamh.

Scéal samplach

Déan do mhachnamh faoin áit a gcláraíonn tú mar dhuine dífhostaithe

Bhí Mirko as an nGearmáin ag obair mar státseirbhíseach Gearmánach in Éirinn nuair a chaill sé a phost. Bhí an rogha aige dul ar ais go dtí an Ghearmáin agus clárú mar chuardaitheoir poist ansin. Mar sin féin, roghnaigh sé fanacht in Éirinn agus iarratas a dhéanamh ar shochair dhífhostaíochta ansin.

Bhí sé ag súil go bhfaigheadh sé thart ar 67% dá mheánphá laethúil, mar is gnách sa Ghearmáin. Ach in Éirinn, níl sochair dhífhostaíochta bunaithe ar an airgead a thuill tú roimhe seo. Bhí an-iontas ar Mirko a fháil nach raibh sé i dteideal ach suim sheachtainiúil ar ráta comhréidh de €204.30.

Más comaitéir trasteorann (fostaithe nó féinfhostaithe) thú agus má chailleann tú do phost, ní féidir leat sochair dhífhostaíochta a éileamh ach amháin sa tír ina bhfuil cónaí ort.

Warning

Eisceacht

Le linn do thréimhse chomaitéireachta deiridh, i gcás inar fhill tú abhaile níos lú ná uair amháin sa tseachtain, is féidir leat an tír a roghnú chun sochair dhífhostaíochta a éileamh (an tír chónaithe nó an tír dheireanach inar oibrigh tú).

Is é seo an riail ón 1 Bealtaine 2010, cé go mb'fhéidir nach mbeadh roinnt ionad poist ar an eolas faoi fós. Má bhíonn fadhbanna agat do shochar dífhostaíochta a fháil thar lear, déan teagmháil lenár seirbhísí cúnaimh Open as an external link chun cabhair a fháil.

Méid

I gcás ina bhfuil tú i dteideal sochar dífhostaíochta nó nach bhfuil, agus an méid, braithfidh sé sin ar na rialacha sa tír ina bhfuil cónaí ort agus ar an am a d'oibrigh tú thar lear.

Iarr foirm U1 (foirm E 301 roimhe seo - ag taispeáint tréimhsí atá le cur san áireamh agus sochair dhífhostaíochta á ríomh) ar na húdaráis sa tír (nó sna tíortha) inar oibrigh tú.

Seol an fhoirm sin chuig na seirbhísí náisiúnta fostaíochta sa tír inar mian leat iarratas a dhéanamh ar shochair, chun go mbeidh siad in ann aon tréimhsí cumhdaigh slándála sóisialta nó fostaíochta i dtíortha eile a chur san áireamh.

Fiú mura líonann tú isteach foirm U1, is féidir leis na daoine a bheidh ag plé leis an éileamh eolas a fháil go díreach ó údaráis na dtíortha eile. Mar sin féin, d’fhéadfadh an fhoirm cabhrú le dlús a chur leis an bpróiseáil.

An bhfuil cabhair uait chun obair a fháil?

Má theastaíonn cabhair uait chun post nua a fháil sa tír inar chaill tú do phost, is féidir leat clárú mar chuardaitheoir poist leis an tseirbhís náisiúnta fostaíochta ansin. Beidh ort ansin na ceanglais sa dá thír a chomhlíonadh: an tír chónaithe (an tír atá ag íoc do shochair) agus an tír dheireanach inar oibrigh tú (an tír ina bhfuil post á lorg agat freisin).

Warning

Is é an rud is tábhachtaí riachtanais na tíre ina gcónaíonn tú a chomhlíonadh - mura ndéanann tú sin, d’fhéadfadh tionchar a bheith aige ar do shochair.

Scéal samplach

Féach leat an áit ar féidir leat iarratas a dhéanamh ar shochair dhífhostaíochta

Chaill Arthur ón nGearmáin a phost in 2008 agus bhog sé díreach go dtí an Ungáir chun dul ag obair ann. Fuair sé conradh fostaíochta bliana i mBúdaipeist, ach choinnigh sé a theach sa Ghearmáin agus chuaigh sé ar ais ansin go rialta.

Nuair a chaill sé a phost arís, d'fhéadfadh sé iarratas a dhéanamh ar shochair san Ungáir. Mar sin féin, chinn sé filleadh ar an nGearmáin agus ní raibh aon deacracht aige an sochar a fháil ansin.

Warning

Tír dhifriúil, sochair dhifriúla

Tá a rialacha féin ag gach tír den Aontas maidir le sochair dhífhostaíochta. Ciallaíonn sé sin go bhféadfá sochar a fháil ar feadh 24 mhí i do thír dhúchais ach ní bheadh ach 12 mhí agat i dtír eile.

Is fiú comparáid a dhéanamh idir na sochair a íoctar i ngach tír, agus aird ar leith a thabhairt ar na nithe seo a leanas:

  • tréimhsí oibre a theastaíonn chun cáiliú do shochar dífhostaíochta
  • na rátaí is infheidhme chun an sochar a ríomh
  • fad an tsochair

Cuimhnigh: Ní féidir leat an tír a chlúdóidh thú a roghnú!

Agus tú ag obair nó i do chónaí thar lear, beidh clúdach slándála sóisialta agat ó do thír dhúchais nó ón tír óstach. Chun fadhbanna agus míthuiscintí a sheachaint a d’fhéadfadh a bheith tromchúiseach, faigh amach faoi shlándáil shóisialta i do thír óstach.

Faigh amach faoi shochair dhífhostaíochta sa tír atá freagrach as iad a íoc:

Bogadh chuig Ballstát eile den Aontas chun post a fháil

Faoi choinníollacha áirithe, is féidir leat do shochair dhífhostaíochta a aistriú chuig Ballstát eile den Aontas agus post á lorg agat ansin. Is iondúil go n-aistrítear sochair ar feadh 3 mhí, ach féadfar síneadh a chur leis sin go tréimhse 6 mhí ar a mhéad.

CCanna

EU legislation

Need support from assistance services?

Get in touch with specialised assistance services

You can also use the assistance service finder to find the right help for you.

Last checked: 04/09/2024
Share this page