Breith a chlárú

Tá sé éigeantach breith a chlárú i ngach tír den Aontas ach athraíonn na rialacha agus na coinníollacha chun é sin a dhéanamh ó thír go tír. I roinnt tíortha, is féidir an próiseas clárúcháin a chur i gcrích ar líne nó san ospidéal inar rugadh an leanbh. I dtíortha eile, ní mór duit breith do linbh a chlárú go pearsanta in oifig an riaracháin áitiúil ábhartha, agus b’fhéidir go mbeidh ort táille a íoc. Ní mór duit cloí le haon spriocdháta clárúcháin atá i bhfeidhm i do thír féin, nó d’fhéadfá a bheith faoi réir pionós.

Chun an próiseas clárúcháin a chur i gcrích, beidh ort doiciméid áirithe a thaispeáint agus eolas sonrach a thabhairt. Áirítear leis sin eolas pearsanta faoi do leanbh (e.g. ainm/ainmneacha agus inscne) agus fútsa mar thuismitheoir/tuismitheoirí (e.g. ainm, gairm bheatha). Beidh na rialacha maidir le cé atá in ann breith a chlárú agus na doiciméid a theastaíonn ag brath ar do chás ar leith agus tá siad sainithe ag rialacha náisiúnta.

Nuair a bheidh an próiseas clárúcháin críochnaithe, de ghnáth eiseofar teastas breithe duit ar an láthair i gcás clárúcháin i bpearsa. I gcás clárúcháin ar líne, gheobhaidh tú an teastas breithe tríd an bpost nó go digiteach. I gcás áirithe, seans go mbeidh ort táille a íoc.
Má rugadh do leanbh thar leat, beidh ort rialacha clárúcháin na tíre inar rugadh do leanbh a leanúint. Mar sin féin, is gnách go mbeidh tú in ann an bhreith a chlárú i do thír dhúchais freisin.

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le breith a chlárú, féach suíomh gréasáin na tíre ábhartha den Aontas thíos.

Need support from assistance services?

Get in touch with specialised assistance services

You can also use the assistance service finder to find the right help for you.

Last checked: 21/08/2024
Share this page