Leabhar
Is éard atá i gceist le leabhar ná cáipéis lámhscríofa nó chlóbhuailte de 25 bileog ar a laghad, déanta de pháipéar, veilliam nó pár, ceangailte le chéile ar feadh imill amháin, clúdach cosanta greamaithe leis, agus gan aon súil go bhfoilseofar go rialta é. [1]
Is féidir ríomhleabhair agus closleabhair a fháil sa lá atá inniu ann. Ní leabhar clóite iad ríomhleabhair, ach comhad ar ríomhaire ar féidir é a léamh ar nós leabhair.
Cuirtear bailiúchán mór leabhar i dtaisce i leabharlann.
'Leabhragán' a ghlaoitear ar an dtroscán ar a gcuirtear leabhair ina seasamh.
Ceist chrua an leabhar is mó díol ar domhan.[2] Bhí an-rath ag A Tale of Two Cities le Charles Dickens agus le Le Petit Prince le Antoine de Saint-Exupéry, chomh maith leis an tsraith Harry Potter. Go dtí 2011, bhí 150 milliún cóip díolta den Lord of the Rings’.[3]
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é ‘The Etruscan Gold Book’[4] b'fhéidir an 'leabhar' is sine ar domhan (660RC), a deirtear uaireanta, má leabhar atá ann... ní raibh ann ach coidéacs.
Is féidir lorg na leabhar is luaithe a chur siar go dtí an tSín sa 3ú céad RC, foirm le bileoga bambú a bhí ceangailte le cordaí. San iarthar tháinig an coidéacs Rómhánach (bileoga páir nó veilleam ceangailte ina leabhar) in ionad rolla paipíre na nÉigipteach is na nGréagach.[1]
Rinneadh leabhair lámhscríofa iontacha mhaisithe sna mainistreacha in Éirinn is iarthar na hEorpa ón ré dhorcha go dtí i ndiaidh ceapadh na clódóireachta san Eoraip timpeall lár an 15ú céad.
Leabhar Síneach is ea an chéad leabhar clóbhuailte atá ar eolas (868 AD).
Roimh an 15ú céad, is as Sínis, Seapáinis nó Cóiréis leabhair chlóbhuailte uile an Domhain. I 1450-1750 clóbhuaileadh níos mó leabhar as Sínis ná teanga ar bith eile. Mar thoradh ar fhionnadh na clódóireachta san iarthar agus ceapadh páipéir i lár an 15ú céad, méadaíodh táirgeadh na leabhar clóbhuailte san Eoraip go mór.
Tugtar incunabulum (bindealáin) ar aon cheann den 35,000 leabhar a clóbhuaileadh san Eoraip roimh 1500. Cuireadh na leabhair chlóbhuailte is luaithe, cosúil le Bíobla 42 líne Gutenberg (1456), i gcló dubh ar bhealach atá an-chosúil le dearadh leabhair lámhscríofa na Meánaoise.
Faoi dheireadh an 15ú céad cuireadh airíonna breise leo, cosúil le leathanach an teidil is uimhriú na leathanach.
I 1501 rinne Aldus Manutius as an Veinéis réabhlóid i dtáirgeadh leabhar nuair a d'fhoilsigh eagráin póca de na saothair chlasaiceacha Laidine le cló dlúth iodálach agus rith cló suas le 1,000. I ndiaidh an Reifirméisin d'éirigh an chinsireacht an-dian. I lár an 16ú céad foilsíodh innéacs na leabhar coiscthe, agus i Sasana eisíodh cairt ríoga do Chomhlacht na Stáiseanóirí a thug monaplacht beagnach iomlán dó ar chead foilsithe sa tír.
Sa 19ú céad tugadh isteach clóchuradóireacht mheicniúil, páipéar saor, stallaí leabhar ag na stáisiúin nua traenach, leabharlanna poiblí, agus forbairtí eile a leathnaigh margadh na leabhar go mór.
Sa 20ú céad tháinig clóphreasanna príobháideacha, clubanna leabhar, teicníochtaí nua priontála, leabhair faoi chlúdach bog, agus téacsleabhair scoile is ollscoile, ionas gur foilsíodh níos mó teideal ná riamh.[1]
Sa 21ú céad tá an leabhar leictreonach, nó ríomhleabhar, tagtha ar an bhfód agus ag bagairt ar an leabhar clóscríofa, b'fhéidir. Sa bhliain 2011, thosaigh níos mó daoine ag ceannach r-leabhar ná gnáthleabhar.
Lá na Leabhar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ceiliúrtar “Lá na Leabhar” in Éirinn ar an gcéad Déardaoin de mhí an Mhárta. Bíonn a lán imeachtaí éagsúla ar siúl sna scoileanna agus sna leabharlanna in Éirinn. Má shampla gléasann páistí suas mar charachtair éagsúla ó leabhair spéisiúla.
Bhí Lá na Leabhar ar siúl den chéad uair in Éirinn sa bhliain 1995.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" Coiscéim.
- ↑ "List of best-selling books" (as en) (2023-11-17). Wikipedia.
- ↑ Eleathanach 316, 11 Márta 2019
- ↑ "Golden Orphism Book" (as en) (2023-10-14). Wikipedia.