European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/3119

18.12.2024

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/3119 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Nollaig 2024

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/110 trí shíneadh a chur le tréimhse chur i bhfeidhm na mbeart éigeandála i ndáil le cásanna inmhíolaithe leis an gciaróg choirceoige bheag atá deimhnithe sa Fhrainc agus san Iodáil agus trí Réigiún na Sicile san Iodáil a chur leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis mar chrios atá faoi réir bearta éigeandála

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024) 8783)

(Is iad na téacsanna Fraincise agus Iodáilise amháin atá barántúil)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe) (1), agus go háirithe Airteagal 259(1), pointe (c), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Galar liostaithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/429 is ea inmhíolú le Aethina tumida (ciaróg choirceoige bheag), agus is galar de chatagóirí D agus E é dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (2).

(2)

Níl ann don ghalar sin san Aontas den chuid is mó, ach tharla inmhíoluithe i Réigiún Calabria san Iodáil ó bhí mí Mheán Fómhair 2014 ann, agus i roinn Fhrancach thar lear Oileán La Réunion ó bhí 2022 ann. Faoi láthair, le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/110 ón gCoimisiún (3) leagtar síos bearta éigeandála áirithe maidir le sláinte ainmhithe a mhéid a bhaineann le hinmhíoluithe leis an gciaróg choirceoige bheag atá deimhnithe san Iodáil agus sa Fhrainc, agus liostaítear Calabria agus Oileán La Réunion san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin mar chriosanna atá faoi réir na mbeart éigeandála sin.

(3)

Thug an Iodáil agus an Fhrainc araon fógra don Choimisiún le déanaí faoi chásanna nua inmhíolaithe leis an gciaróg choirceoige bheag a braitheadh in Calabria agus in Oileán La Réunion. Thairis sin, thug an Iodáil fógra don Choimisiún le déanaí faoi roinnt chásanna nua inmhíolaithe leis an gciaróg choirceoige bheag a braitheadh i Réigiún na Sicile, Réigiún nach liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin mar chrios atá faoi réir na mbeart éigeandála sin.

(4)

Chun aon suaitheadh nach bhfuil gá leis ar thrádáil laistigh den Aontas a chosc, agus chun nach bhforchuirfidh tríú tíortha bacainní gan údar ar thrádáil, agus chun leathadh inmhíolaithe leis an gciaróg choirceoige bheag go criosanna eile den Aontas a chosc, is iomchuí Réigiún na Sicile a chur leis an liosta de Bhallstáit nó de chriosanna díobh san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/110 atá faoi réir bearta éigeandála mar gheall ar láithreacht inmhíolaithe leis an gciaróg choirceoige bheag.

(5)

Ina theannta sin, tá feidhm ag Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/110 go dtí an 31 Nollaig 2024. Mar sin féin, i bhfianaise na ndeacrachtaí leanúnacha a bhí ag na Ballstáit le blianta beaga anuas maidir leis an gciaróg choirceoige bheag a dhíothú sna Ballstáit atá buailte, ba cheart síneadh a chur leis na bearta éigeandála a leagtar síos sa Chinneadh Cur Chun Feidhme sin. Dá réir sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/110 a leasú, ionas go mbeidh feidhm aige go dtí an 31 Nollaig 2026.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/110 a leasú dá réir sin.

(7)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/110 mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

‘Airteagal 3

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 31 Nollaig 2026.’;

2.

cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad na hIarscríbhinne.

Airteagal 2

Is chuig Poblacht na Fraince agus Poblacht na hIodáile a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Nollaig 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

Olivér VÁRHELYI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coiscthe agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm i leith catagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil riosca suntasach ag gabháil leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/1882/oj).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/110 ón gCoimisiún an 12 Eanáir 2023 lena leagtar síos bearta éigeandála a mhéid a bhaineann le cásanna den inmhíolú le ciaróg choirceoige bheag (Aethina tumida) atá deimhnithe san Iodáil agus sa Fhrainc agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/597 (IO L 13, 16.1.2023, lch. 5, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/110/oj).


IARSCRÍBHINN

Liosta de Bhallstáit nó de chriosanna díobh atá faoi réir bearta éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 2(1)

Ballstát

Limistéir faoi réir bearta éigeandála

An Fhrainc

Roinn La Réunion

An Iodáil

Réigiún Calabria: an Réigiún ina iomláine

Réigiúin na Sicile: an Réigiún ina iomláine


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/3119/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)