22.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 328/74 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/2529 ÓN gCOIMISIÚN
an 17 Deireadh Fómhair 2022
lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 639/2014 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena leasaítear Iarscríbhinn X a ghabhann leis an Rialachán sin
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 4(3), Airteagal 8(3), Airteagal 9(5), Airteagal 35(1), (2) agus (3), Airteagal 36(6), Airteagal 39(3), Airteagal 43(12), Airteagal 44(5), Airteagal 45(5) agus (6), Airteagal 46(9), Airteagal 50(11), Airteagal 52(9), Airteagal 57(3), Airteagal 58(5), Airteagal 59(3) agus Airteagal 67(1) agus (2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), leagtar síos creat dlíthiúil nua le haghaidh an chomhbheartais talmhaíochta (CBT) chun feabhas a chur ar an gcaoi a soláthraíonn sé cuspóirí an Aontais a leagtar amach sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Sa Rialachán sin sonraítear a thuilleadh na cuspóirí sin de chuid an Aontais atá le baint amach leis an gcomhbheartas talmhaíochta agus sainítear ann na cineálacha idirghabhála mar aon le ceanglais choiteanna an Aontais is infheidhme maidir leis na Ballstáit, agus, san am céanna, solúbthacht á fágáil ag na Ballstáit i gceapadh na n-idirghabhálacha atá le tabhairt ina bPleananna Straitéiseacha CBT le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2027. |
(2) |
Foráiltear le Rialachán (AE) 2021/2115 maidir le cineálacha idirghabhála le haghaidh íocaíochtaí díreacha. Mar thoradh air sin, aisghairtear leis Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 le héifeacht ón 1 Eanáir 2023. |
(3) |
Sa chomhthéacs sin, ghlac an Coimisiún ceanglais bhreise de bhun Rialachán (AE) 2021/2115 maidir le ceapadh na n-idirghabhálacha atá le sonrú sna Pleananna Straitéiseacha CBT, eadhon le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126 ón gCoimisiún (3). Cuirtear an Rialachán Tarmligthe sin in ionad na rialacha a leagtar síos faoi láthair i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 639/2014 ón gCoimisiún (4). |
(4) |
Ar mhaithe le soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 639/2014 a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2023. Mar sin féin, i gcomhréir le hAirteagal 154(2) de Rialachán (AE) 2021/2115, ba cheart feidhm a bheith aige fós maidir le hiarratais ar chabhair a bhaineann le blianta éilimh a thosaíonn roimh an 1 Eanáir 2023, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Aisghairm agus forálacha idirthréimhseacha
Aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 639/2014 le héifeacht ón 1 Eanáir 2023.
Mar sin féin, leanfaidh sé d’fheidhm a bheith aige i leith iarratais ar chabhair a bhaineann le blianta éilimh a thosaíonn roimh an 1 Eanáir 2023.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Deireadh Fómhair 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 608.
(2) Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 1).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le ceanglais bhreise maidir le cineálacha áirithe idirghabhála arna sonrú ag na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha CBT le haghaidh na tréimhse 2023 go 2027 faoin Rialachán sin mar aon le rialacha maidir leis an gcóimheas i dtaca le caighdeán 1 maidir leis an dea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil (DRTC) (IO L 20, 31.1.2022, lch. 52).
(4) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 639/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena leasaítear Iarscríbhinn X a ghabhann leis an Rialachán sin (IO L 181, 20.6.2014, lch. 1).