30.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 173/17


RIALACHÁN (AE) 2022/1032 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Meitheamh 2022

lena leasaítear Rialacháin (AE) 2017/1938 agus (CE) Uimh. 715/2009 i dtaca le stóráil gáis

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cé gur tharla suaitheadh gearrthéarmach sa soláthar gáis san am a chuaigh thart, tá roinnt tosca ag baint leis an staid in 2022 a fhágann go bhfuil sé éagsúil le géarchéimeanna a bhí ann roimhe a bhain le slándáil an tsoláthair gáis. De bharr ghéarú fhogha na Rúise faoin Úcráin ó bhí mí Feabhra 2022 ann, tá méaduithe tagtha ar phraghsanna nach bhfacthas riamh roimhe. Mar gheall ar na méaduithe sin ar phraghsanna, is dócha go n-athrófar ó bhonn na dreasachtaí chun saoráidí stórála gáis faoi thalamh san Aontas a líonadh. Sa staid gheopholaitiúil atá ann faoi láthair, ní féidir tuilleadh suaitheadh sa soláthar gáis a eisiamh. D’fhéadfadh suaitheadh den sórt sin sa soláthar díobháil a dhéanamh do shaoránaigh agus do gheilleagar an Aontais ós rud é go bhfuil an tAontas fós ag brath go mór ar sholáthairtí seachtracha gáis ar féidir leis an gcoinbhleacht difear a dhéanamh dóibh.

(2)

Tá cineál agus iarmhairtí imeachtaí le déanaí ar scála mór agus ar fud an Aontais agus dá bhrí sin éilítear freagairt chuimsitheach ón Aontas. Ba cheart tosaíocht a thabhairt sa fhreagairt sin do bhearta lenar féidir slándáil an tsoláthair gáis a threisiú ar leibhéal an Aontais, go háirithe soláthairtí gáis do chustaiméirí atá faoi chosaint. Rannchuidíonn coigilt fuinnimh agus éifeachtúlacht fuinnimh go mór leis an gcuspóir sin. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go ngníomhóidh an tAontas ar bhealach comhordaithe chun rioscaí a sheachaint a d’fhéadfadh teacht as suaitheadh a d’fhéadfadh a bheith ann sa soláthar gáis, gan dochar do cheart na mBallstát rogha a dhéanamh idir foinsí fuinnimh éagsúla agus struchtúr ginearálta a soláthair fuinnimh i gcomhréir le hAirteagal 194 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

(3)

Leis na saoráidí stóráil gáis faoi thalamh, rannchuidítear le slándáil an tsoláthair gáis agus is é soláthairtí daingne gáis an toradh a bhíonn ar na saoráidí stóráil gáis faoi thalamh atá líonta go maith trí sholáthar gáis breise a chur ar fáil i gcás ina bhfuil éileamh mór nó suaitheadh sa soláthar. Ós rud é go bhféadfadh suaitheadh sa soláthar gáis tarlú tráth ar bith, ba cheart bearta a thabhairt isteach maidir le leibhéal líonta shaoráidí láithreáin stórála gáis faoi thalamh an Aontais chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú do gheimhreadh 2022 - 2023.

(4)

Le Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), tugadh isteach sásra dlúthpháirtíochta mar ionstraim chun na héifeachtaí a ghabhfadh le móréigeandáil laistigh den Aontas a mhaolú ina bhfuil soláthar gáis do chustaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht, mar bhunriachtanas slándála agus tosaíocht riachtanach i mbaol i mBallstát. I gcás éigeandála de chuid an Aontais, áirithítear le freagairt láithreach go bhfuil na Ballstáit in ann cosaint fheabhsaithe a chur ar fáil do chustaiméirí.

(5)

Léirigh tionchar fhogha na Rúise faoin Úcráin nach bhfuil na rialacha atá ann faoi láthair maidir le slándáil an tsoláthair curtha in oiriúint d’athruithe móra tobanna ar an staid gheopholaitiúil, ina bhféadfadh ganntanas soláthair agus buaiceanna praghsanna a bheith ann, ní hamháin mar thoradh ar chliseadh an bhonneagair nó ar dhálaí adhaimsire ach chomh maith leis sin, mar shampla, ó theagmhais mhóra idirnáisiúnta a tharlaíonn d’aon ghnó agus ó shuaitheadh níos marthanaí nó suaitheadh tobann sa soláthar. Dá bhrí sin, is gá aghaidh a thabhairt ar na rioscaí tobanna méadaitheacha a eascraíonn as na hathruithe ar an staid gheopholaitiúil atá ann faoi láthair, lena n-áirítear soláthairtí fuinnimh an Aontais a éagsúlú.

(6)

Bunaithe ar anailís an Choimisiúin ar, inter alia, leordhóthanacht bearta chun soláthar gáis a áirithiú agus anailís athneartaithe ar fud an Aontais maidir le riosca-ullmhacht a rinne an Coimisiún agus an Grúpa Comhordaithe Gáis (“GCG”) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2017/1938, i mí Feabhra 2022, ba cheart do gach Ballstát a áirithiú, i bprionsabal, go ndéanfar na saoráidí stórála gáis faoi thalamh atá lonnaithe ar a chríoch agus idirnasctha go díreach le limistéar margaidh an Bhallstáit sin a líonadh suas go 90 % ar a laghad dá n-acmhainn ar leibhéal na mBallstát faoin 1 Samhain gach bliain (sprioc líonta), agus go mbeidh sraith spriocanna idirmheánacha ag gach Ballstát i mí na Bealtaine, i mí Iúil, i mí Mheán Fómhair agus i mí Feabhra (conair líonta) na bliana dár gcionn. Tá roinnt Ballstát a bhfuil acmhainn shuntasach stórála faoi thalamh acu a ndéanfaí difear díréireach di mar thoradh ar an oibleagáid an sprioc líonta a bhaint amach le haghaidh na saoráidí stórála faoi thalamh ar a gcríoch. Chun an méid sin a léiriú, ba cheart an oibleagáid maidir lena saoráidí stórála gáis faoi thalamh a líonadh a laghdú go dtí méid 35 % dá meán-tomhaltas bliantúil gáis thar na 5 bliana roimhe sin. Ba cheart an méid sin a bheith gan dochar d’oibleagáid na mBallstát eile rannchuidiú lena gcuid saoráidí stórála gáis faoi thalamh lena mbaineann a líonadh. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann cinneadh a dhéanamh, faoi réir coinníollacha, an sprioc líonta a chomhlíonadh go páirteach trí stoic gáis nádúrtha leachtaithe (GNL) atá stóráilte i saoráidí GNL a chomhaireamh. Tá na spriocanna líonta riachtanach chun a áirithiú go mbeidh cosaint leormhaith ag tomhaltóirí san Aontas ar ghanntanais soláthair. Maidir le 2022, ba cheart feidhm a bheith ag sprioc líonta níos ísle, sprioc dar céatadán 80 %, agus ag líon laghdaithe spriocanna idirmheánacha, agus é á chur san áireamh go bhfuil an Rialachán seo le teacht i bhfeidhm tar éis thús an tséasúir líonta stórála agus go mbeidh teorainn ama ag na Ballstáit chun é a chur chun feidhme.

(7)

Agus a saoráidí stórála gáis faoi thalamh á líonadh acu, ba cheart é a bheith mar aidhm ag na Ballstáit a soláthraithe gáis a éagsúlú d’fhonn a spleáchas a laghdú i gcás ina bhféadfadh sé sin slándáil an tsoláthair fuinnimh nó leasanna slándála ríthábhachtacha an Aontais nó na mBallstát a chur i mbaol.

(8)

Gach bliain ó 2023, ba cheart faireachán sonrach a dhéanamh ar an stóráil gáis amhail ó mhí Feabhra chun aistarraingt thobann gáis ó saoráidí stórála gáis faoi thalamh i lár an gheimhridh a sheachaint, rud a d’fhéadfadh a bheith ina siocair le dúshláin maidir le slándáil soláthair roimh dheireadh an gheimhridh. Leis na conairí líonta ba cheart go mbeifí in ann faireachán leanúnach a dhéanamh le linn an tséasúir líonta stórála.

(9)

Gach bliain ó 2023, ba cheart do gach Ballstát a bhfuil saoráidí stórála faoi thalamh aige dréachtchonair líonta a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhair saoráidí den sórt sin ar a chríoch agus atá idirnasctha go díreach lena limistéar margaidh i bhfoirm chomhiomlán. Agus an measúnú ó GCG á chur san áireamh, ba cheart don Choimisiún cinneadh a ghlacadh maidir le conair líonta gach Ballstáit a shocrú ar bhealach nach ndéanann saobhadh míchuí ar staid iomaíoch na saoráidí stórála gáis faoi thalamh sa Bhallstát sin i gcomparáid le saoráidí stórála den sórt sin atá lonnaithe i mBallstáit chomharsanachta.

(10)

Chun conair líonta do gach Ballstát a bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh aige ó 2023 a shocrú bunaithe ar an dréachtchonair líonta arna tarchur ag gach Ballstát den sórt sin, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(11)

Ba cheart sraith spriocanna idirmheánacha a bheith sa chonair líonta i ngach Ballstát a bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh aige agus ba cheart dó a bheith bunaithe ar an meánráta líonta don Bhallstát sin le linn na 5 bliana roimhe sin. I gcás na mBallstát a laghdaítear an sprioc líonta ina leith go dtí 35 % dá meán-tomhaltas gáis bliantúil, déanfar spriocanna idirmheánacha na conaire líonta a laghdú dá réir sin.

(12)

I gcás nach féidir leis na Ballstáit na spriocanna líonta a chomhlíonadh in am i gcónaí i ngeall ar dheacrachtaí teicniúla amhail fadhbanna a bhaineann leis na píblínte lena gcothaítear na saoráidí stórála gáis faoi thalamh nó fadhbanna leis na saoráidí insteallta, ba cheart cead a bheith ag an mBallstát an sprioc líonta a bhaint amach ag céim níos déanaí. Mar sin féin, ba cheart gach sprioc líonta a bhaint amach a luaithe is féidir go teicniúil, agus ar aon chuma tráth nach déanaí ná an 1 Nollaig den bhliain lena mbaineann, chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú le haghaidh thréimhse an gheimhridh.

(13)

D’fhéadfadh sé nach mbeadh Ballstát in ann na spriocanna líonta nó na spriocanna idirmheánacha a bhaint amach mar gheall ar éigeandáil réigiúnach nó éigeandáil de chuid an Aontais, amhail i gcás nach leor an soláthar gáis dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2017/1938, rud atá fógartha ag an gCoimisiún arna iarraidh sin ag Ballstát amháin nó níos mó, de réir mar a bheidh, a bhfuil éigeandáil náisiúnta de réir bhrí an Rialacháin sin fógartha aige nó acu. Dá bhrí sin, níor cheart feidhm a bheith ag na spriocanna líonta, lena n-áirítear an sprioc comhroinnt ualaigh, i gcás agus fad go bhfuil éigeandáil réigiúnach nó éigeandáil de chuid an Aontais fógartha ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 12 den Rialachán sin

(14)

Chun a áirithiú nach n-imíonn na mBallstáit ó na conairí líonta, ba cheart do na húdaráis inniúla faireachán leanúnach a dhéanamh ar leibhéil líonta na saoráidí stórála gáis faoi thalamh. Ba cheart na conairí líonta a bheith faoi réir corrlach 5 phointe céatadáin. I gcás ina bhfuil leibhéal líonta Ballstáit níos mó ná cúig phointe céatadáin faoi leibhéal a chonaire líonta, ba cheart don údarás inniúil bearta éifeachtacha a dhéanamh láithreach chun í a mhéadú. Ba cheart do na Ballstáit an Coimisiún agus GCG a chur ar an eolas maidir le bearta den chineál sin.

(15)

Le haon imeacht suntasach marthanach ag Ballstát óna chonair líonta, is féidir leibhéil leordhóthanacha líonta agus an sprioc líonta a chur i mbaol, leibhéil is gá chun slándáil an tsoláthair gáis san Aontas a choimirciú de mheon na dlúthpháirtíochta. I gcás imeacht suntasach marthanach den sórt sin ón gconair líonta nó imeacht ón sprioc líonta, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún bearta éifeachtacha a dhéanamh chun fadhbanna slándála an tsoláthair gáis mar thoradh ar shaoráidí stóráil neamhlíonta a sheachaint. Agus cinneadh á dhéanamh faoi bhearta éifeachtacha den chineál sin, ba cheart don Choimisiún a thabhairt ar aird staid shonrach an Bhallstáit lena mbaineann, amhail méid na saoráidí stórála faoi thalamh i ndáil leis an tomhaltas gáis intíre nó a thábhachtaí atá na saoráidí stórála faoi thalamh do shlándáil an tsoláthair gáis sa réigiún agus aon shaoráidí stórála GNL atá ann cheana. Ós rud é go bhfuil an Rialachán seo le teacht i bhfeidhm tar éis thús an tséasúir líonta stórála in 2022, ba cheart an tréimhse theoranta ama atá ar fáil chun an Rialachán seo a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta a chur san áireamh in aon bheart a ghlacfaidh an Coimisiún chun aghaidh a thabhairt ar imeacht ón gconair líonta le haghaidh 2022. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú nach rachaidh na bearta thar a bhfuil riachtanach chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú, gan ualach díréireach a chur ar na Ballstáit, rannpháirtithe sa mhargadh gáis, oibreoirí córais stórála ná ar thomhaltóirí.

(16)

Ba cheart do na Ballstáit gach beart is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar na spriocanna líonta. Agus an méid sin á dhéanamh, ba cheart é a bheith mar aidhm acu bearta margadhbhunaithe a úsáid mar an chéad chúiteamh, i gcás inar féidir, chun suaitheadh neamhriachtanach sa mhargadh a sheachaint. Ba cheart do na Ballstáit a bheith saor roghnú sprioc líonta níos airde a shocrú, ionas go bhféadfadh an tAontas gach iarracht a dhéanamh 85 % d’acmhainn na saoráidí stórála gáis faoi thalamh a líonadh san Aontas don bhliain 2022. I bhfianaise na gcóras rialála éagsúil atá i bhfeidhm cheana féin i roinnt mhaith Ballstát chun tacú le líonadh na saoráidí stórála, níor cheart aon ionstraim shonrach a fhorchur chun na conairí líonta nó an sprioc líonta a chomhlíonadh. Ba cheart do na Ballstáit leanúint de bheith saor a chinneadh cén ionstraim is iomchuí dá gcórais náisiúnta, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe. Dá bhrí sin, ba cheart deis a bheith ag na Ballstáit nó, i gcás inarb inniúil, na húdaráis rialála, a chinneadh cé hiad na rannpháirtithe sa mhargadh a bhfuil ceangal le cur orthu chun a áirithiú go líonfar na saoráidí stórála gáis faoi thalamh. Ba cheart dóibh a bheith in ann cinneadh a dhéanamh freisin maidir le modhanna rialála, amhail bearta chun oibleagáid a chur ar shealbhóirí acmhainne acmhainn atá gan úsáid a fhuascailt faoi rialacha margaidh an Aontais arb ann dóibh cheana, an bhfuil na modhanna rialála leordhóthanach chun a áirithiú go gcomhlíontar na spriocanna líonta, nó an bhfuil gá le dreasachtaí airgeadais nó lacáistí taraife stórála. Má fhorchuireann Ballstát oibleagáid ar na soláthraithe gáis do chustaiméirí atá faoi chosaint ar a chríoch chun gás a stóráil i saoráidí stórála gáis faoi thalamh, ba cheart an méid gáis atá le stóráil a chinneadh ar bhonn an mhéid gáis nádúrtha a sholáthraítear do na custaiméirí sin atá faoi chosaint. Ba cheart do na Ballstáit comhordú lena chéile agus ionstraimí a úsáid, amhail ardáin chun GNL a cheannach chun úsáid GNL a uasmhéadú chun na saoráidí stórála a líonadh. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit bacainní bonneagair agus bacainní rialála ar úsáid chomhroinnte GNL chun na saoráidí stórála a líonadh a laghdú.

(17)

Sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Márta 2022, dar teideal REPowerEU: Joint European Action for more affordable, secure and sustainable energy [REPowerEU: Gníomhaíocht Eorpach Chomhpháirteach le haghaidh fuinneamh atá níos inacmhainne, níos sláine agus níos inbhuanaithe] soiléiríodh go gceadaítear le dlí an Aontais do na Ballstáit cúnamh a thabhairt do soláthraithe gáis faoi Airteagal 107(3), pointe (c) CFAE chun a áirithiú go líonfar na saoráidí stórála, mar shampla i bhfoirm ráthaíochtaí (conradh difríochta dhá threo).

(18)

Aon bheart a dhéanann na Ballstáit chun líonadh saoráidí stórála faoi thalamh a áirithiú, lena n-áirítear na coinníollacha atá le forchur maidir le líonadh bunaithe ar chomhroinnt ualaigh agus na coinníollacha atá le forchur maidir le gás a aistarraingt ó shaoráidí stórála gáis faoi thalamh, ba cheart é a bheith riachtanach, sainmhínithe go soiléir, trédhearcach, comhréireach, neamh-idirdhealaitheach agus infhíoraithe, agus níor cheart saobhadh míchuí ar an iomaíocht ná ar dhea-oibriú an mhargaidh inmheánaigh sa ghás a bheith mar thoradh air ná níor cheart dó slándáil sholáthar gáis Ballstát eile nó an Aontais a chur i mbaol. Go sonrach, níor cheart leis na bearta sin ceannasacht nó amhantair ioncaim a neartú le haghaidh gnóthais a rialaíonn saoráidí stórála gáis faoi thalamh nó a bhfuil acmhainn stórála curtha in áirithe acu ach nach bhfuil á n-úsáid acu.

(19)

Is den tábhacht é go mbainfí úsáid éifeachtúil as an mbonneagar atá ann cheana, lena n-áirítear acmhainní tarchurtha trasteorann, saoráidí stórála gáis faoi thalamh agus saoráidí GNL chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú de mheon na dlúthpháirtíochta. Tá teorainneacha oscailte fuinnimh ríthábhachtach le haghaidh shlándáil an tsoláthair gáis, lena n-áirítear i gcásanna ina bhfuil suaitheadh sa soláthar gáis ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó ar leibhéal an Aontais. Dá bhrí sin, le haon bhearta a ghlactar chun líonadh saoráidí stórála gáis faoi thalamh a áirithiú, níor cheart na hacmhainní trasteorann a leithdháiltear i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/459 ón gCoimisiún (5) a bhlocáil nó a shrianadh. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh stóráil fós ar fáil, i gcás Bhallstáit chomharsanacha agus i gcás éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2017/1938.

(20)

Leis an oibleagáid stórála, is dóchúil go gcuirfí ualach airgeadais ar na rannpháirtithe sa mhargadh ábhartha sna Ballstáit sin, a bhfuil saoráidí stórála gáis ábhartha faoi thalamh ar a gcríoch acu, agus go mbeartaítear go rachadh an méadú ar leibhéal slándála an tsoláthair gáis chun tairbhe do na Ballstáit uile, lena n-áirítear na Ballstáit sin nach bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh acu. De mheon na dlúthpháirtíochta, chun an t-ualach a chomhroinnt maidir lena áirithiú go bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh san Aontas líonta go leordhóthanach chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú, ba cheart do na Ballstáit nach bhfuil saoráid stórála gáis faoi thalamh acu saoráidí stórála gáis faoi thalamh a úsáid i mBallstáit eile. I gcás nach bhfuil aon idirnasc ag Ballstát le Ballstáit eile, nó i gcás ina bhfuil acmhainn tarchurtha trasteorann Ballstáit teoranta nó deacrachtaí teicniúla eile ann a fhágann nach féidir saoráidí stórála gáis faoi thalamh a úsáid i mBallstáit eile, ba cheart an oibleagáid sin a laghdú dá réir.

(21)

Ba cheart do na Ballstáit nach bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh acu a áirithiú go bhfuil socruithe i bhfeidhm ag rannpháirtithe sa mhargadh laistigh de Bhallstáit den sórt sin i mBallstáit ag a bhfuil saoráidí den sórt sin lena ndéantar foráil maidir le toirteanna stórála a úsáid, faoin 1 Samhain, toirteanna stórála a chomhfhreagraíonn do ar a laghad 15 % dá meán-ídiú bliantúil gáis thar an 5 bliana roimhe sin. Mar sin féin, ba cheart do na Ballstáit nach bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh acu a bheith in ann freisin sásra comhroinnte ualaigh malartach a fhorbairt le Ballstát amháin nó níos mó ag a bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh. Chomh maith leis sin, bearta coibhéiseacha eile atá ann cheana chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú, ba cheart bearta den sórt sin a chur san áireamh agus an sásra comhroinnte ualaigh á mheas, amhail oibleagáid choibhéiseach maidir le breoslaí eile seachas gás nádúrtha, lena n-áirítear ola, faoi réir coinníollacha áirithe. Ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi shásraí comhroinnte ualaigh malartacha den sórt sin agus ba cheart dóibh teorainneacha teicniúla, agus coibhéis na mbeart arna nglacadh.

(22)

D’fhéadfadh sé, maidir leis na bearta lena roinneann na Ballstáit nach bhfuil aon saoráid stórála gáis faoi thalamh acu ualach na hoibleagáide stórála leis na Ballstáit ag a bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh, go mbeadh tionchar airgeadais a bheith ag na bearta sin ar na rannpháirtithe ábhartha sa mhargadh. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit nach bhfuil aon saoráid stórála gáis faoi thalamh acu cead a bheith acu dreasachtaí airgeadais nó cúiteamh a sholáthar do rannpháirtithe sa mhargadh as gannchion in ioncaim nó as costais na n-oibleagáidí a fhorchuirtear orthu agus nach féidir a chumhdach le hioncam. Más rud é go ndéantar bearta mar sin a mhaoiniú trí thobhaigh, níor cheart an tobhach sin a fheidhmiú i gcás pointí idirnaisc trasteorann.

(23)

Tá faireachán agus tuairisciú éifeachtach fíor-riachtanach chun measúnú a dhéanamh ar chineál agus ar mhéid na rioscaí a bhaineann le slándáil an tsoláthair gáis, agus chun na bearta iomchuí a roghnú chun dul i ngleic leis na rioscaí sin. Ba cheart d’oibreoirí saoráidí stórála gáis faoi thalamh na leibhéil líonta a thuairisciú do na húdaráis inniúla ar bhonn míosúil le linn an tséasúir stórála líonta. Moltar d’úinéirí agus d’oibreoirí saoráidí stórála gáis faoi thalamh freisin acmhainn agus leibhéal líonta gach saoráid stórála gáis faoi thalamh a ionchur go rialta ar ardán tuairiscithe lárnach.

(24)

Bíonn ról suntasach ag na húdaráis inniúla maidir le faireachán a dhéanamh ar shlándáil an tsoláthair gáis agus áirithíonn siad cothromaíocht idir slándáil an tsoláthair gáis agus costas na mbeart do thomhaltóirí a eascraíonn as na bearta. Ba cheart d’údarás inniúil gach Ballstáit nó eintiteas eile arna ainmniú ag an mBallstát faireachán a dhéanamh ar leibhéil líonta na saoráidí stórála gáis faoi thalamh ar a gcríoch agus ba cheart dóibh na torthaí a thuairisciú don Choimisiún. Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann freisin, i gcás inarb iomchuí, cuireadh a thabhairt do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) chun cuidiú a thabhairt leis an bhfaireachán.

(25)

Is den ríthábhacht go gcuirtear san áireamh na rioscaí uile a bhféadfadh difear mór a dhéanamh do shlándáil an tsoláthair gáis sna measúnuithe riosca arna ndéanamh de bhun Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2017/1938. Chun na críche sin, ba cheart na cásanna ina bhfuil suaitheadh iomlán i bhfoinse aonair soláthair a chur san áireamh sa chur chuige rioscabhunaithe maidir le measúnú a dhéanamh ar shlándáil an tsoláthair gáis agus bearta coisctheacha agus maolaitheacha a bhunú. D’fhonn a áirithiú go mbeifí chomh hullamh is féidir chun suaitheadh sa soláthar gáis a sheachaint agus go maolófaí éifeachtaí aon suaitheadh, ba cheart an measúnú riosca comhchoiteann agus na measúnuithe riosca náisiúnta a dhéanamh trí chásanna mar sin a chur san áireamh. Leis sin, bheifí in ann le comhordú beart éifeachtaí éigeandála a mhaolú agus acmhainní a bharrfheabhsú chun soláthar leanúnach a ráthú, i gcás ina mbeadh suaitheadh iomlán sa soláthar.

(26)

Ba cheart ról GCG a atreisiú, agus sainordú sainráite a bheith aige chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht na mBallstát agus chun dea-chleachtais a fhorbairt i ndáil le réimse shlándáil an tsoláthair gáis. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún tuairisciú go tráthrialta do GCG agus ba cheart do GCG cúnamh a thabhairt don Choimisiún chun faireachán a dhéanamh ar na spriocanna líonta, agus chun a áirithiú go gcomhlíontar iad.

(27)

Feidhmíonn GCG mar phríomhchomhairleoir don Choimisiún chun comhordú a dhéanamh ar shlándáil na mbeart soláthair, tugann sé cuidiú don Choimisiún ag gach tráth, agus go sonrach, i gcás géarchéime. De réir mar is gá, chun a áirithiú go mbeifí chomh hullamh is féidir agus chun an malartú gasta faisnéise a éascú, tionólfaidh an Coimisiún, gan mhoill, foirmíocht bainistithe géarchéime CGC, in oirchill géarchéime féideartha. Ba cheart don fhoirmíocht bainistithe géarchéime sin a bheith ar fáil chun cuidiú leis an gCoimisiún a fhad is gá. Chuige sin, ba cheart do GCG na bealaí cumarsáide leis na Ballstáit agus leis na rannpháirtithe ábhartha sa mhargadh uile a bhaineann le slándáil an tsoláthair gáis a choimeád ar oscailt agus aon fhaisnéis ábhartha maidir le slándáil an tsoláthair gáis ar an leibhéal náisiúnta, an leibhéal réigiúnach agus leibhéal an Aontais a bhailiú.

(28)

Tá earnáil an chórais stórála an-tábhachtach don Aontas, do shlándáil a sholáthairtí fuinnimh agus do leasanna slándála fíor-riachtanacha eile an Aontais. Dá réir sin, meastar gur bonneagar ríthábhachtach de réir bhrí Threoir 2008/114/CE ón gComhairle (6) iad saoráidí stórála gáis faoi thalamh. Moltar do na Ballstáit na bearta a thugtar isteach leis an Rialachán seo a chur san áireamh ina bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus sna tuarascálacha ar dhul chun cinn arna nglacadh de bhun Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(29)

Beidh gá le cosaintí breise sa ghréasán córas stórála chun bagairtí ar an ord poiblí agus ar an tslándáil phoiblí san Aontas nó ar leas shaoránaigh an Aontais a sheachaint. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú mbeidh gach oibreoir córais stórála, lena n-áirítear oibreoirí córais stórála atá faoi rialú oibreoirí córais tarchurtha iad féin, deimhnithe ag an údarás rialála náisiúnta nó ag údarás inniúil eile arna ainmniú ag an mBallstát, chun a áirithiú nach gcuirtear, slándáil an tsoláthair fuinnimh ná aon leas slándála fíor-riachtanach eile san Aontas ná in aon Bhallstát i mbaol leis an tionchar thar an oibreoir córais stórála. Chun anailís a dhéanamh ar rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann i ndáil le slándáil an tsoláthair fuinnimh, tá an comhordú idir na Ballstáit tábhachtach agus an measúnú ar shlándáil an tsoláthair tábhachtach á dhéanamh acu. Sa mheasúnú sin, níor cheart idirdhealú a dhéanamh idir rannpháirtithe sa mhargadh ach ba cheart an comhar sin a bheith i gcomhlíonadh iomlán le prionsabail an mhargaidh inmheánaigh atá ag feidhmiú go maith. D’fhonn an riosca a eascraíonn as leibhéil ísle líonta a mhaolú go tapa, ba cheart tosaíocht a thabhairt don deimhniúchán sin agus ba cheart é a dhéanamh níos tapúla i gcás saoráidí stórála faoi thalamh níos mó, a líonadh le déanaí ar leibhéil a bhíonn íseal go comhleanúnach, chun a áirithiú gur féidir fadhbanna féideartha i ndáil le slándáil an tsoláthair gáis a eascraíonn as rialú ar shaoráidí stórála móra den sórt sin a eisiamh nó, más féidir, a cheartú. Ós rud é gur sheas meánleibhéal líonta stórála na saoráidí stórála faoi thalamh uile an Aontais 6 bliana roimhe sin ag 35 % dá n-acmhainn uasta an 31 Márta, an tairseach chun leibhéal stórála níos ísle ná mar ba ghnách i mí an Mhárta 2021 agus i mí an Mhárta 2022 a shainiú, ba cheart í a shocrú ag 30 %.

(30)

I gcás ina gcinneann údaráis rialála náisiúnta nó údarás inniúil eile arna ainmniú ag na Ballstáit lena mbaineann (i gceachtar cás, “údarás deimhniúcháin”) go bhféadfadh duine a rialaíonn an t-oibreoir córais stórála go díreach nó go hindíreach, nó a fheidhmíonn aon cheart thar an oibreoir córais stórála go díreach nó go hindíreach slándáil an tsoláthair fuinnimh nó aon leas slándála riachtanach eile a chur i mbaol, ar leibhéal náisiúnta, ar leibhéal réigiúnach nó ar leibhéal an Aontais, ba cheart do na húdaráis sin deimhniúchán a dhiúltú. Agus an measúnú sin á dhéanamh, ba cheart don údarás deimhniúcháin na caidrimh thráchtála a chur san áireamh a d’fhéadfadh difear diúltach a dhéanamh do dhreasachtaí agus do chumas an oibreora córais stórála an tsaoráid stórála gáis faoi thalamh a líonadh, mar aon le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais agus aon fhíoras agus imthoisc shonrach eile a bhaineann leis an gcás. Chun a áirithiú go ndéanfar na rialacha deimhniúcháin a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach ar fud an Aontais, go ndéanfar oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais a chomhlíonadh mar aon le dlúthpháirtíocht agus slándáil fuinnimh laistigh den Aontas, ba cheart don údarás deimhniúcháin an tuairim ón gCoimisiún a chur san áireamh go hiomlán agus cinntí deimhniúcháin á ndéanamh acu, lena n-áirítear trína dréachtchinneadh a athbhreithniú, i gcás inarb iomchuí. I gcás ina ndiúltaíonn údarás deimhniúcháin an deimhniúchán, ba cheart é a bheith de chumhacht aige a cheangal ar aon duine an scairsheilbh nó na cearta atá acu ar an úinéir córais stórála nó ar an oibreoir córais stórála a dhiúscairt agus teorainn ama a leagan síos don diúscairt sin, ordú a thabhairt d’aon bheart iomchuí eile chun a áirithiú nach féidir leis an duine nó na daoine sin aon rialú nó ceart a fheidhmiú ar an núinéir córais stórála nó oibreoir córais stórála sin, agus cinneadh a dhéanamh maidir le bearta cúitimh iomchuí. Aon bheart a ghlactar sa chinneadh deimhniúcháin chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a bhaineann le slándáil an tsoláthair gáis nó ar leasanna riachtanacha eile slándála, ba cheart an beart sin a bheith riachtanach, sainmhínithe go soiléir, trédhearcach, comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach.

(31)

Leis an Rialachán seo urramaítear cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear go háirithe le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”). Go háirithe, leis an Rialachán, urramaítear an ceart nach féidir a shealúchais a bhaint de dhuine ach amháin ar mhaithe leis an leas poiblí agus sna cásanna agus faoi na coinníollacha dá bhforáiltear le dlí ach cúiteamh cóir a fháil in am trátha mar chomaoin ar an gcaillteanas sin, mar a fhoráiltear in Airteagal 17 den Chairt agus an ceart chun leigheas éifeachtach agus an ceart chun triail chóir mar a fhoráiltear in Airteagal 47 den Chairt.

(32)

Má tá gnóthais le tuilleadh gáis a cheannach nuair a bhíonn praghas an gháis ard, d’fhéadfadh sé sin praghsanna a ardú tuilleadh. Dá bhrí sin, ba cheart d’údaráis rialála a bheith in ann lascaine suas le 100 % a fheidhmiú ar tharaifí iontrála agus scoir ar acmhainn tarchurtha agus dáileacháin chuig an stóráil agus uaithi, chuig saoráidí stórála gáis faoi thalamh agus saoráidí GNL araon, rud a fhágann go mbeidh an stóráil níos tarraingtí do rannpháirtithe sa mhargadh. Moltar do na húdaráis rialála náisiúnta agus iomaíochta a gcumhachtaí a úsáid chun méaduithe míchuí ar tharaifí stórála a eisiamh go héifeachtach.

(33)

I bhfianaise na n-imthosca eisceachtúla atá ann faoi láthair agus na héiginnteachta a bhaineann leis na hathruithe a dhéanfar ar an staid gheopholaitiúil amach anseo, moltar do na Ballstáit na spriocanna líonta a bhaint amach chomh tapa agus is féidir.

(34)

Ós rud é go bhfuil garchontúirt ann do shlándáil an tsoláthair gáis mar thoradh ar an bhfogha atá á tabhairt ag an Rúis faoin Úcráin, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe. Mar gheall ar nádúr eisceachtúil na n-imthosca atá ann faoi láthair, níor cheart feidhm a bheith ag forálacha áirithe a tugadh isteach leis an Rialachán seo ach go dtí an 31 Nollaig 2025.

(35)

Ba cheart, mar ábhar práinne, an Rialachán seo a bheith mar chuid de acquis an Chomhphobail Fuinnimh i gcomhréir le Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh, a síníodh san Aithin an 25 Deireadh Fómhair 2005 agus a tháinig i bhfeidhm an 1 Iúil 2006.

(36)

Ba ceart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2017/1938 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2017/1938

Leasaítear Rialachán (AE) 2017/1938 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2, cuirtear na pointí seo a leanas leis:

“(27)   ciallaíonn ‘conair líonta’ sraith spriocanna idirmheánacha do shaoráidí stórála gáis faoi thalamh gach Ballstáit, mar a liostaítear in Iarscríbhinn Ia do 2022 agus, do na blianta ina dhiaidh sin, mar a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 6a;

(28)   ciallaíonn ‘sprioc líonta’ sprioc cheangailteach maidir leis an leibhéal líonta maidir le hacmhainn chomhiomlán saoráidí stórála gáis faoi thalamh;

(29)   ciallaíonn ‘stóráil straitéiseach’ stóráil faoi thalamh nó cuid de stóráil faoi thalamh i leith gás nádúrtha neamhleachtaithe a cheannaíonn, a bhainistíonn agus a stórálann oibreoirí córais tarchurtha, gnóthas nó eintiteas arna ainmniú ag na Ballstáit nó gnóthas agus ar féidir iad a scaoileadh ach amháin tar éis réamhfhógra nó údarú ón údarás poiblí lena scaoileadh, agus a scaoiltear i gcoitinne i gcás:

(a)

mórghanntanas soláthair;

(b)

suaitheadh sa soláthar; nó

(c)

éigeandáil a fhógairt dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (c);

(30)   ciallaíonn ‘stoc comhardúcháin’ gás nádúrtha neamhleachtaithe ar fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a)

ceannaíonn agus bainistíonn oibreoirí córais tarchurtha nó eintiteas arna ainmniú ag an mBallstát é agus stórálann siad é faoi thalamh, chun críoch feidhmeanna oibreoirí córais tarchurtha a dhéanamh agus chun críocha shlándáil an tsoláthair gáis agus chun na gcríoch sin amháin; agus

(b)

ní sheoltar é ach amháin i gcás inar gá sin chun an córas a choinneáil ag oibriú faoi dhálaí slána inbhraite i gcomhréir le hAirteagal 13 de Threoir 2009/73/CE agus Airteagail 8 agus 9 de Rialachán (AE) Uimh. 312/2014;

(31)   ciallaíonn ‘saoráid stórála gáis faoi thalamh’ saoráid stórála mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (9), de Threoir 2009/73/CE a úsáidtear le haghaidh gás nádúrtha a stocáil, lena n-áirítear stoc comhardúcháin, agus atá ceangailte le córas tarchurtha nó dáileacháin, seachas stóráil sféarúil os cionn talún nó stóráil línephacála.”.

(2)

cuirtear na hairteagail a leanas isteach:

“Airteagal 6a

Spriocanna líonta a agus conairí líonta

1.   Faoi réir mhíreanna 2 go 5, comhlíonfaidh na Ballstáit na sprioc líonta seo a leanas maidir le hacmhainn chomhiomlán gach saoráide stórála gáis faoi thalamh atá lonnaithe ar chríoch an Bhallstáit féin agus atá idirnasctha go díreach le limistéar margaidh ar a gcríoch agus i gcás na saoráidí stórála a liostaítear in Iarscríbhinn Ib gach bliain faoin 1 Samhain.

(a)

i gcás 2022: 80 %;

(b)

ó 2023: 90 %.

Chun an mhír seo a chomhlíonadh, cuirfidh na Ballstáit san áireamh an cuspóir maidir le slándáil an tsoláthair gáis san Aontas a choimirciú i gcomhréir le hAirteagal 1.

2.   D’ainneoin mhír 1 agus gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát eile na saoráidí stórála gáis faoi thalamh lena mbaineann a líonadh, beidh sprioc líonta do gach Ballstát ina bhfuil na saoráidí stórála gáis faoi thalamh lonnaithe laghdaithe do thoirt arb ionann í agus 35 % den mheántomhaltas bliantúil gáis thar an 5 bliana roimhe sin sa Bhallstát sin.

3.   D’ainneoin mhír 1 agus gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát eile na saoráidí stórála gáis faoi thalamh lena mbaineanna líonadh, laghdófar sprioc líonta gach Ballstát ina bhfuil na saoráidí stórála gáis faoi thalamh lonnaithe de réir na toirte, a soláthraíodh do thríú tíortha le linn na tréimhse tagartha 2016 go 2021 más rud é go raibh an meántoirt a soláthraíodh níos mó ná 15 TWh in aghaidh na bliana sa tréimhse aistarraingthe stórála gáis (mí Dheireadh Fómhair – mí Aibreáin).

4.   I gcás na saoráidí stórála gáis faoi thalamh a liostaítear in Iarscríbhinn Ib, beidh feidhm ag na spriocanna líonta de bhun mhír 1 agus leis an gconair líonta de bhun mhír 7. Cinnfear mionsonraí na hoibleagáide do gach Ballstát i gcomhaontú déthaobhach i gcomhréir le hIarscríbhinn Ib.

5.   Féadfaidh Ballstát an sprioc líonta a chomhlíonadh i bpáirt trí GNL atá stóráilte go fisiceach agus ar fáil i saoráidí GNL na mBallstát a chomhaireamh i gcás ina mbainfear amach an dá choinníollacha a leanas:

(a)

áirítear sa chóras gáis acmhainn shuntasach stórála GNL, arb ionann é go bliantúil agus níos mó ná 4 % de mheántomhaltas náisiúnta thar an 5 bliana roimhe sin;

(b)

tá oibleagáid forchurtha ag an mBallstát ar sholáthróirí gáis toirteanna íosta gáis a stóráil i saoráidí stórála gáis faoi thalamh agus/nó i saoráidí GNL i gcomhréir Airteagal 6b(1), pointe (a).

6.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun na spriocanna idirmheánacha a chomhlíonadh nó chun a áirithiú go gcomhlíonfar iad mar a leanas:

(a)

i gcás 2022: mar a leagtar amach in Iarscríbhinn Ia; agus

(b)

ó 2023: i gcomhréir le mír 7.

7.   I gcás 2023 agus na mblianta ina dhiaidh sin, déanfaidh gach Ballstát ag a bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh dréachtchonair líonta le spriocanna idirmheánacha do mhí Feabhra, mí na Bealtaine, mí Iúil agus mí Mheán Fómhair, lena n-áirítear faisnéis theicniúil, a chur faoi bhráid an Choimisiúin, faoin 15 Meán Fómhair an bhliain roimhe sin, i bhfoirm chomhiomlánaithe maidir leis na saoráidí stórála gáis faoi thalamh atá ar a chríoch féin agus atá idirnasctha go díreach lena limistéir mhargaidh. Beidh an chonair líonta agus na spriocanna idirmheánacha bunaithe ar an méanráta líonta le linn na 5 bliana roimhe sin.

I gcás Ballstáit a laghdaítear an sprioc líonta ina leith go dtí 35% dá meán-tomhaltas gáis bliantúil de bhun mhír 2, déanfar spriocanna idirmheánacha na conaire líonta a laghdú dá réir sin.

Bunaithe ar an bhfaisnéis theicniúil arna soláthar ag gach Ballstát agus an measúnú ar GCG á chur san áireamh, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena socraítear an chonair líonta do gach Ballstát. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18a(2). Déanfar iad a ghlacadh faoin 15 Samhain den bhliain roimhe sin, i gcás inar gá agus lena n-áirítear i gcás ina mbeidh dréachtchonair líonta nuashonraithe tíolactha ag an mBallstát. Beidh siad bunaithe ar mheasúnú ar an staid ghinearálta maidir le slándáil an tsoláthair gáis agus ar fhorbairt an éilimh ar sholáthar gáis san Aontas agus i mBallstáit aonair, agus socrófar iad ar bhealach lena gcosnaítear slándáil an tsoláthair gáis, agus lena seachnaítear ag an am céanna ualach riaracháin nach bhfuil gá leis a chur ar na Ballstáit, ar rannpháirtithe sa mhargadh gáis, ar oibreoirí córais stórála nó ar chustaiméirí agus gan an iomaíocht idir na saoráidí stórála atá lonnaithe i mBallstáit chomharsanachta a shaobhadh go míchuí.

8.   I gcás, in aon bhliain ar leith, nach féidir le Ballstát a sprioc líonta a bhaint amach faoin 1 Samhain mar gheall ar na saintréithe teicniúla sonracha ag saoráid stórála gáis faoi thalamh amháin nó níos mó laistigh dá chríoch, amhail rátaí insteallta an-íseal, ceadófar dó í a chomhlíonadh faoin 1 Nollaig. Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún ar an eolas faoin 1 Samhain, agus tabharfaidh sé cúiseanna leis an moill.

9.   Ní bheidh feidhm ag an sprioc líonta i gcás ina mbeidh éigeandáil réigiúnach nó éigeandáil de chuid Aontais fógartha ag an gCoimisiún agus ar feadh na héigeandála fógartha sin de bhun Airteagal 12, arna iarraidh sin, de réir an cháis, ó Bhallstát amháin nó níos mó a d’fhógair éigeandáil náisiúnta.

10.   Déanfaidh údarás inniúil gach Ballstáit faireachán leanúnach ar an gcomhlíontacht maidir lena chonair líonta agus tuairisceoidh sé go tráthrialta do GCG. I gcás ina bhfuil leibhéal líonta Ballstáit ar leith níos mó ná 5 phointe céatadáin faoi leibhéal na conaire líonta, déanfaidh an t-údarás inniúil bearta éifeachtacha chun é a mhéadú gan aon mhoill. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus GCG ar an eolas maidir leis na Bearta a rinneadh.

11.   I gcás ina n-imeodh Ballstát go suntasach agus go marthanach ón gconair líonta, lena gcuirtear comhlíonadh na sprice líonta i mbaol, nó i gcás ina n-imeodh sé ón sprioc líonta, eiseoidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le GCG agus leis an mBallstát lena mbaineann, moladh don Bhallstát sin nó do na Ballstáit eile lena mbaineann maidir le bearta a bheidh le déanamh láithreach;

I gcás nach laghdaítear an t-imeacht ón gconair líonta nó ón sprioc líonta go suntasach, laistigh de mhí amháin ó dháta an mholta ón gCoimisiún a fháil, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an nGrúpa Comhordaithe Gáis agus leis an mBallstát lena mbaineann, cinneadh mar rogha dheiridh chun é a chur de cheangal ar an mBallstát lena mbaineann bearta a dhéanamh chun an t-imeacht a leighis, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, beart amháin nó níos mó dá bhforáiltear in Airteagal 6b(1) a dhéanamh, nó aon bheart eile chun a áirithiú go gcomhlíonfar an sprioc líonta de bhun an Airteagail seo.

Agus cinneadh á dhéanamh faoi na bearta is ceart a ghlacadh de bhun an dara fomhír, cuirfidh an Coimisiún san áireamh staid shonrach na mBallstát lena mbaineann, amhail méid na saoráidí stórála gáis faoi thalamh i ndáil leis an tomhaltas gáis intíre, a thábhachtaí atá na saoráidí stórála gáis faoi thalamh do shlándáil an tsoláthair gáis sa réigiún agus aon saoráidí stórála GNL atá ann cheana.

Maidir le haon bheart arna ghlacadh ag an gCoimisiún chun aghaidh a thabhairt ar imeacht ón gconair líonta nó ón sprioc líonta le haghaidh 2022, cuirfear san áireamh an tréimhse ghearr chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta, rud d’fhéadfadh cur leis an imeacht ón gconair líonta nó ón sprioc líonta in 2022.

Áiritheoidh an Coimisiún nach ndéanfaidh na bearta arna nglacadh de bhun na míre seo an méid seo a leanas:

(a)

dul thar a bhfuil riachtanach chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú;

(b)

ualach díréireach a chur ar na Ballstáit, rannpháirtithe sa mhargadh gáis, oibreoirí córais stórála ná ar chustaiméirí.

Airteagal 6b

Na spriocanna líonta a chur chun feidhme

1.   Déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá, lena n-áirítear foráil a dhéanamh do dhreasachtaí airgeadais nó cúiteamh do rannpháirtithe sa mhargadh, chun na spriocanna líonta de bhun Airteagal 6a a chomhlíonadh. Agus comhlíonadh na spriocanna líonta á áirithiú acu, tabharfaidh na Ballstáit tús áite, i gcás inar féidir, do bhearta margadhbhunaithe.

Sa mhéid go dtagann aon bheart dá bhforáiltear san Airteagal seo faoi dhualgais agus faoi chumhachtaí an údaráis rialála náisiúnta de bhun Airteagal 41 de Threoir 2009/73/CE, is iad na húdaráis rialála náisiúnta a bheidh freagrach as na bearta sin a dhéanamh.

Féadfaidh aon bhearta arna ghlacadh de bhun na míre seo an méid a leanas, go háirithe, a áireamh:

(a)

ceangal a chur ar sholáthraithe gáis toirteanna íosta gáis a stóráil i saoráidí stórála, lena n-áirítear i saoráidí stórála gáis faoi thalamh agus/nó i saoráidí stórála GNL, na toirteanna sin a chinneadh ar bhonn líon an gháis arna sholáthar ag soláthróirí gáis do chustaiméirí atá faoi chosaint;

(b)

ceangal a chur ar oibreoirí córais stórála a n-acmhainn a thairiscint do rannpháirtithe sa mhargadh;

(c)

ceangal a chur ar oibreoirí córais tarchurtha nó ar eintitis arna n-ainmniú ag an mBallstát stoc comhardúcháin a cheannach agus a bhainistiú go heisiach chun a bhfeidhmeanna mar oibreoirí córais tarchurtha a chomhlíonadh agus, i gcás inar gá, lena bhforchuirtear oibleagáid ar eintitis ainmnithe eile chun slándáil an tsoláthair gáis i gcás éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (c), a choimirciú;

(d)

ionstraimí comhordaithe a úsáid, amhail ardáin chun GNL a cheannach, in éineacht le Ballstáit eile chun úsáid GNL a uasmhéadú agus chun bacainní bonneagair agus rialála ar úsáid chomhroinnte GNL a laghdú chun saoráidí stórála gáis faoi thalamh a líonadh;

(e)

sásraí deonacha do sholáthar comhpháirteach gás nádúrtha a úsáid, maidir lena gcur chun feidhme, féadfaidh an Coimisiún, más gá, treoir a eisiúint ina leith faoin 1 Lúnasa 2022.

(f)

dreasachtaí airgeadais a sholáthar do rannpháirtithe sa mhargadh, lena n-áirítear oibreoirí córais stórála, amhail conarthaí difríochta, nó cúiteamh a sholáthar do rannpháirtithe sa mhargadh as gannchion in ioncaim nó as costais arna dtabhú acu mar thoradh ar oibleagáidí ar rannpháirtithe sa mhargadh, lena n-áirítear oibreoirí córais stórála nach féidir a sheasamh le hioncam;

(g)

ceangal a chur ar shealbhóirí acmhainne stórála acmhainní atá curtha in áirithe acu a úsáid nó na hacmhainní sin atá gan úsáid a scaoileadh uathu, agus lena gcuirtear d’oibleagáid ar shealbhóir na hacmhainne stórála nach n-úsáideann an acmhainn stórála an praghas a comhaontaíodh a íoc ar feadh théarma iomlán an chonartha stórála;

(h)

ionstraimí éifeachtacha a ghlacadh chun stóráil straitéiseach a cheannach agus a bhainistiú ag eintitis phoiblí nó phríobháideacha, ar choinníoll nach ndéanann ionstraimí den sórt sin an iomaíocht nó dea-oibriú an mhargaidh inmheánaigh a shaobhadh;

(i)

eintiteas tiomnaithe a cheapadh dá sannfar an tasc an sprioc líonta a chomhlíonadh i gcás nach gcomhlíonfar an sprioc líonta murach sin;

(j)

lascainí ar na taraifí stórála a sholáthar;

(k)

na hioncaim is gá a bhailiú chun na caiteachais chaipitil agus oibríochtúla a bhaineann le saoráidí stórála rialáilte a aisghabháil mar tharaifí stórála agus mar mhuirear tiomnaithe a ionchorpraítear i dtaraifí tarchurtha, nach mbailítear ach amháin ó phointí scoir chuig custaiméirí deiridh atá lonnaithe sna Ballstáit, ar choinníoll nach bhfuil na hioncaim a bhailítear trí tharaifí níos mó ná na hioncaim cheadaithe.

2.   Beidh na bearta arna nglacadh ag na Ballstáit de bhun mhír 1 teoranta don mhéid is gá chun na conairí líontaagus na spriocanna líonta a bhaint amach. Sainmhíneofar na bearta sin go soiléir, agus beidh siad trédhearcach, comhréireach, neamh-idirdhealaitheach agus infhíoraithe. Ní dhéanfaidh siad saobhadh míchuí ar iomaíocht ná ar dhea-oibriú an mhargaidh inmheánaigh sa ghás agus ní chuirfidh siad slándáil sholáthar gáis na mBallstát eile nó an Aontais i mbaol.

3.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá chun a áirithiú go mbainfear úsáid ar bhealach éifeachtúil as an mbonneagar atá ann cheana ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach, ar mhaithe le slándáil an tsoláthair gáis. Maidir leis na hacmhainní tarchurtha trasteorann a leithdháiltear i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/459 ón gCoimisiún (*1), ní chuirfear cosc ná srian ar úsáid trasteorann saoráidí stórála ná saoráidí GNL thar theorainneacha leis na bearta sin in imthosca ar bith.

4.   Agus bearta á nglacadh acu de bhun an Airteagail seo, cuirfidh na Ballstáit céadphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh i bhfeidhm, agus cuspóirí a mbeart faoi seach á mbaint amach acu i gcónaí, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2).

Airteagal 6c

Socruithe stórála agus sásra comhroinnte ualaigh

1.   Áiritheoidh Ballstát nach bhfuil aon saoráidí stórála gáis faoi thalamh acu go mbeidh socruithe i bhfeidhm ag rannpháirtithe sa mhargadh laistigh den Bhallstát sin le hoibreoirí córais stórála faoi thalamh nó le rannpháirtithe eile sa mhargadh i mBallstáit a bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh acu. Forálfar leis na socruithe sin, faoin 1 Samhain, d’úsáid na dtoirteanna stórála a chomhfhreagraíonn do 15 % ar a laghad dá n-ídiú bliantúil gáis den mheántomhaltas bliantúil gáis thar an 5 bliana roimhe sin sa Bhallstát nach bhfuil socruithe stórála gáis faoi thalamh aige. Mar sin féin, i gcás ina gcuirtear, le hacmhainn tarchurtha trasteorann nó srianta teicniúla eile, cosc ar Bhallstát nach bhfuil aon saoráidí stórála gáis faoi thalamh aige úsáid iomlán a bhaint as 15 % de na toirteanna stórála sin, ní stórálfaidh an Ballstát sin ach na toirteanna sin atá indéanta go teicniúil.

I gcás nach gceadaítear, leis na teorainneacha teicniúla, do Bhallstát an oibleagáid a leagtar síos sa chéad fhomhír a chomhlíonadh agus go bhfuil oibleagáid i bhfeidhm ag an mBallstát sin breoslaí eile a stóráil in ionad gáis, féadfar an oibleagáid a leagtar síos sa chéad fhomhír a chomhlíonadh go heisceachtúil le hoibleagáid choibhéiseach breoslaí eile seachas gás a stóráil. Léireoidh an Ballstát lena mbaineann teorainneacha teicniúla agus coibhéis an bhirt.

2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh Ballstát nach bhfuil aon saoráidí stórála faoi thalamh aige sásra comhroinnte ualaigh a fhorbairt i gcomhpháirt le Ballstát amháin nó níos mó ag a bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh (sásra comhroinnte ualaigh).

Bunófar an sásra comhroinnte ualaigh ar shonraí ábhartha an mheasúnaithe riosca is déanaí de bhun Airteagal 7 agus cuirfear san áireamh leis na paraiméadair uile seo a leanas:

(a)

costas na tacaíochta airgeadais chun an sprioc líonta a bhaint amach, gan na costais a bhaineann le haon oibleagáidí stórála straitéiseacha a chomhlíonadh;

(b)

na toirteanna gáis is gá chun freastal ar éileamh na gcustaiméirí atá faoi chosaint i gcomhréir le hAirteagal 6(1);

(c)

aon teorainneacha teicniúla, lena n-áirítear an acmhainn stórála faoi thalamh atá ar fáil, an acmhainn tarchurtha theicniúil trasteorann agus rátaí aistarraingthe.

Tabharfaidh Ballstáit fógra don Choimisiún faoin sásra comhroinnte ualaigh faoin 2 Meán Fómhair 2022. In éagmais comhaontaithe maidir le sásra comhroinnte ualaigh faoin dáta sin, léireoidh na Ballstáit nach bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh acu agus tabharfaidh siad fógra don Choimisiún dá réir.

3.   Mar bheart idirthréimhseach, i gcás na mBallstát sin nach bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh acu, ach a bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh a áirítear sa liosta de thionscadal leasa choitinn deireanach dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3), féadfaidh siad mír 1 a chomhlíonadh i bpáirt trí stoic GNL sna haonaid snámha stórála atá ann cheana a chomhaireamh, go dtí go mbeidh a saoráidí stórála gáis faoi thalamh i bhfeidhm.

4.   Féadfaidh na Ballstáit nach bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh acu dreasachtaí nó cúiteamh airgeadais a sholáthar do rannpháirtithe sa mhargadh nó d’oibreoirí córais tarchurtha, de réir mar is ábhartha, as gannchion in ioncaim, nó as costais arna dtabhú acu, mar thoradh ar chomhlíonadh a n-oibleagáidí stórála de bhun an Airteagail seo, i gcás nach féidir gannchion nó costais den sórt sin a chumhdach le hioncam, chun a áirithiú go gcomhlíontar a n-oibleagáid gás a stóráil i mBallstáit eile de bhun mhír 1 nó go gcuirtear an sásra comhroinnte ualaigh chun feidhme. Más rud é go ndéantar an dreasacht nó an cúiteamh airgeadais a mhaoiniú trí bhíthin tobhaigh, ní bheidh feidhm ag an tobhach sin maidir le pointí idirnaisc trasteorann.

5.   D’ainneoin mhír 1, i gcás ina bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh ag Ballstáit lonnaithe ar a chríoch féin agus ina bhfuil acmhainn chomhiomlán na saoráidí sin níos mó ná tomhaltas gáis bliantúil an Bhallstáit sin, deanfaidh na Ballstáit nach bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh acu agus a bhfuil rochtain acu ar na saoráidí sin ceann amháin den mhéid seo a leanas:

(a)

áiritheoidh siad, faoin 1 Samhain, go gcomhfhreagraíonn toirteanna stórála do mheánúsáid, ar a laghad, na hacmhainne stórála na 5 bliana roimhe sin, arna cinneadh, inter alia, tríd na sreafaí le linn an tséasúir aistarraingthe thar na 5 bliana roimhe sin ó na Ballstáit ina bhfuil na saoráidí stórála lonnaithe; nó

(b)

léireoidh siad gur cuireadh in áirithe an acmhainn stórála atá coibhéiseach leis an toirt a chumhdaítear leis an oibleagáid faoi phointe (a).

Más féidir leis an mBallstát nach bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh acu a léiriú gur cuireadh acmhainn stórála atá coibhéiseach leis an toirt a chumhdaítear leis an oibleagáid faoi phointe (a) den chéad fhomhír in áirithe, beidh feidhm ag mír 1.

Beidh teorainn 15 % den mheántomhaltas bliantúil gáis thar an 5 bliana roimhe sin sa Bhallstát lena mbaineann leis an oibleagáid faoin mír seo.

6.   Mura sonraítear a mhalairt in Iarscríbhinn Ib, i gcás saoráidí stórála gáis faoi thalamh atá lonnaithe i mBallstát amháin nach gcumhdaítear le mír 5 ach atá nasctha go díreach le limistéar margaidh Ballstáit eile, áiritheoidh an Ballstát eile sin, faoin 1 Samhain, go gcomhfhreagróidh na toirteanna stórála, ar a laghad, don mheán-acmhainn stórála arna chur in áirithe ag an bpointe trasteorann ábhartha thar an 5 bliana roimhe sin.

Airteagal 6d

Faireachán agus forfheidhmiú

1.   Tuairisceoidh na hoibreoirí córais stórála an leibhéal líonta don údarás inniúil i ngach Ballstát ina bhfuil na saoráidí stórála gáis faoi thalamh lena mbaineann lonnaithe agus, más infheidhme, d’eintiteas arna ainmniú ag an mBallstát sin (‘an t-údarás ainmnithe’) mar a leanas:

(a)

i gcás 2022: ar gach ceann de na spriocanna idirmheánacha a leagtar amach in Iarscríbhinn Ia: agus

(b)

ó 2023: mar a shocraítear de bhun Airteagal 6a(4).

2.   Déanfaidh an t-údarás inniúil agus, más infheidhme, eintiteas ainmnithe gach Ballstáit faireachán ar leibhéil líonta na saoráidí stórála gáis faoi thalamh ina gcríocha ag deireadh gach míosa agus tuairisceoidh siad na torthaí don Choimisiún gan moill mhíchuí.

Féadfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, iarraidh ar Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) cuidiú le faireachán den sórt sin.

3.   De réir na faisnéise arna soláthar ag an údarás inniúil agus, más infheidhme, eintiteas ainmnithe gach Ballstáit, tuairisceoidh an Coimisiún go rialta do GCG.

4.   Tabharfaidh GCG cúnamh don Choimisiún leis an bhfaireachán a dhéanfar ar na conairí líonta agus spriocanna líonta, agus forbróidh sé treoraíocht don Choimisiún maidir le bearta leordhóthanacha chun comhlíontacht a áirithiú i gcás ina n-imeoidh na Ballstáit ó na conairí líonta nó nach mbaineann siad na spriocanna líonta amach.

5.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun na conairí líonta agus na spriocanna líonta a bhaint amach agus chun na hoibleagáidí stórála a fhorfheidhmiú a cheanglaítear ar rannpháirtithe sa mhargadh chun iad a bhaint amach, lena n-áirítear trí smachtbhannaí atá sách athchomhairleach agus fíneálacha a fhorchur ar na rannpháirtithe sa mhargadh sin.

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas gan mhoill faoi na bearta forfheidhmiúcháin a rinneadh de bhun na míre seo.

6.   I gcás ina bhfuil faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de le malartú, féadfaidh an Coimisiún cruinnithe de GCG a thionól i bhformáid atá teoranta dó féin agus do na Ballstáit.

7.   Aon fhaisnéis a mhalartófar, beidh sí teoranta don mhéid a bhfuil gá léi chun críche faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht leis an Rialachán seo.

Caomhnóidh an Coimisiún, na húdaráis rialála náisiúnta agus na Ballstáit rúndacht na faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de a gheofar chun críocha a n-oibleagáid a chomhlíonadh.

(*1)  Rialachán (AE) 2017/459 ón gCoimisiún an 16 Márta 2017 lena mbunaítear cód gréasáin maidir le sásraí leithdháilte acmhainneachta i gcórais tarchuir gáis agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 984/2013 (IO L 72, 17.3.2017, lch. 1)."

(*2)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE, agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1)."

(*3)  Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpach fuinnimh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2009, (AE) 2019/942 agus (AE) 2019/943 agus Treoracha 2009/73/CE agus (AE) 2019/944, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 (IO L 152, 3.6.2022, lch. 45).”;"

(3)

leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Faoin 1 Meán Fómhair 2022, déanfaidh ENTSO-G ionsamhlúchán uile-Aontais de chásanna ina bhféadfaí suaitheadh soláthair gáis agus bonneagair a bheith ann, lena n-áirítear cásanna ina bhféadfaí foinsí aonair soláthair a shuaitheadh go fadtréimhseach. Áiritheofar san ionsamhlúchán conairí soláthair gáis éigeandála a shainaithint agus a mheasúnú agus sainaithneofar leis freisin na Ballstáit is féidir leo réiteach a sholáthar chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí sainaitheanta, lena n-áirítear i ndáil le GNL. Is é ENTSOG i gcomhar le GCG a dhéanfaidh na cásanna eiseamláireacha suaitheadh soláthair gáis agus bonneagair agus an mhodheolaíocht don ionsamhlúchán a shainmhíniú. Déanfar ionsamhlúchán uile-Aontais de chásanna eiseamláireacha suaitheadh soláthair gáis agus bonneagair a athdhéanamh gach 4 bliana mura rud é, de bharr na n-imthosca, gur gá é a dhéanamh ar bhonn is minice.”;

(b)

i mír 4, cuirtear an pointe seo a leanas léi:

“(g)

agus cásanna ina bhféadfaí foinsí aonair soláthair a shuaitheadh go fadtréimhseach á gcur san áireamh.”;

(4)

in Airteagal 16, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“3   Áiritheoidh Ballstáit go gcomhlíontar oibleagáidí stórála faoin Rialachán seo trí shaoráidí stórála san Aontas a úsáid. Mar sin féin, féadfar a áireamh ar an gcomhar idir Ballstáit agus Páirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh socruithe deonacha chun úsáid a bhaint as acmhainn stórála arna cur ar fáil ag Páirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh ar fáil chun toirteanna breise gáis a stóráil do na Ballstáit.”;

(5)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 17a

Tuairisciú ón gCoimisiún

1.   Faoin 28 Feabhra 2023 agus go bliantúil ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascálacha faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, ina mbeidh an méid seo a leanas:

(a)

forléargas ar na bearta a rinne na Ballstáit chun na hoibleagáidí stórála a chomhlíonadh;

(b)

forléargas ar an méid ama is gá don nós imeachta deimhniúcháin a leagtar amach in Airteagal 3a de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009;

(c)

forléargas ar na bearta a d’iarr an Coimisiún chun comhlíonadh na gconairí líonta agus na spriocanna líonta a áirithiú;

(d)

anailís ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag an Rialachán seo ar phraghasanna gáis agus ar na coigiltí gáis a d’fhéadfadh a bheith ann i ndáil le hAirteagal 6b(4).”;

(6)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 18a

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4).

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(*4)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”;"

(7)

in Airteagal 20, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“4.   Ní bheidh feidhm ag Airteagail 6a go 6d maidir le hÉirinn, maidir leis an gCipir ná maidir le Málta fad agus nach bhfuil siad idirnasctha go díreach le córas idirnasctha gáis aon Bhallstáit eile.”;

(8)

in Airteagal 22, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“Beidh feidhm ag Airteagal 2, pointí (27) go (31), Airteagail 6a go 6d, Airteagal 16(3), Airteagal 17a, Airteagal 18a, Airteagal 20(4), agus Iarscríbhinní Ia agus Ib go dtí an 31 Nollaig 2025.”;

(9)

cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo isteach mar Iarscríbhinní Ia agus Ib.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 715/2009

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 mar seo a leanas:

(1)

cuirtear an tAirteagal a leanas isteach:

“Airteagal 3a

Deimhniúchán oibreoirí córais stórála

1.   Gach oibreoir córais stórála, lena n-áirítear aon oibreoir córais stórála atá faoi rialú oibreoir córais tarchurtha, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh siad deimhnithe i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos san Airteagal seo, ag an údarás rialála náisiúnta nó ag údarás inniúil eile arna ainmniú ag an mBallstát lena mbaineann de bhun Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5) (i gceachtar cás, ‘údarás deimhniúcháin’).

Maidir leis an oibleagáid chun oibreoirí córais stórála a dheimhniú faoin Airteagal seo, tá feidhm aici freisin maidir le hoibreoirí córais atá faoi rialú oibreoirí córas tarchurtha arna ndeimhniú cheana faoi na rialacha i dtaca le díchuachadh a leagtar síos in Airteagail 9, 10 agus 11 de Threoir 2009/73/CE.

2.   Eiseoidh an t-údarás deimhniúcháin dréachtchinneadh deimhniúcháin i leith oibreoirí córais stórála a oibríonn saoráidí stórála gáis faoi thalamh ag a bhfuil acmhainn breis is 3,5 TWh acu i gcás, gan beann ar líon na n-oibreoirí córais stórála, inar líonadh iomlán na saoráidí stórála, an 31 Márta 2021 agus an 31 Márta 2022 go leibhéal a bhí níos lú ná 30 % dá n-acmhainn uasta ar an meán faoin 1 Feabhra 2023, nó laistigh de 150 lá ón dáta a bhfaightear an fógra de bhun mhír 9.

I ndáil le hoibreoirí córais storála dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh an t-údarás deimhniúcháin a ndícheall dréachtchinneadh deimhniúcháin a eisiúint faoin 1 Samhain 2022.

I leith gach oibreoir córais stórála eile, eiseoidh an t-údarás deimhniúcháin dréachtchinneadh deimhniúcháin faoin 2 Eanáir 2024 nó laistigh de 18 mí ón dáta a bhfaightear an fógra de bhun mhír 8 nó 9.

3.   Agus breithniú á dhéanamh ar an riosca do chinnteacht an tsoláthair fuinnimh san Aontas, cuirfidh an t-údarás deimhniúcháin san áireamh aon riosca maidir le cinnteacht an tsoláthair gáis ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó ar leibhéal an Aontais ar fad mar aon le haon mhaolú ar riosca den sórt sin a eascraíonn, inter alia, as an méid seo a leanas:

(a)

úinéireacht, soláthar nó aon chaidreamh tráchtála eile a d’fhéadfadh difear diúltach a dhéanamh do dhreasachtaí agus do chumas an oibreora córais stórála an tsaoráid stórála gáis faoi thalamh a líonadh;

(b)

cearta agus oibleagáidí an Aontais maidir leis an tríú tír sin a eascraíonn as an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear aon chomhaontú arna thabhairt i gcrích le tríú tír amháin nó níos mó, agus an tAontas ina pháirtí ann, lena dtéitear i ngleic le saincheist chinnteacht an tsoláthair fuinnimh;

(c)

cearta agus oibleagáidí na mBallstát lena mbaineann maidir le tríú tír a eascraíonn faoi chomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích le Ballstáit a bhfuil baint acu le tríú tír amháin nó níos mó, a mhéid go gcomhlíontar dlí an Aontais leis na comhaontuithe sin; nó

(d)

aon fhíoras nó imthosca sonrach eile a bhaineann leis an gcás.

4.   Má chinneann an t-údarás deimhniúcháin maidir le duine a rialaíonn go díreach nó go hindíreach an t-oibreoir córais stórála de réir bhrí Airteagal 9 de Threoir 2009/73/CE nó a fheidhmíonn aon cheart go díreach nó go hindíreach ar oibreoir an chórais stórála sin, go bhféadfadh an duine sin cinnteacht an tsoláthair fuinnimh, nó leasanna slándála riachtanacha an Aontais nó aon Bhallstáit a chur i mbaol, diúltóidh an t-údarás deimhniúcháin an deimhniú.. Ina ionad sin, féadfaidh an t-údarás deimhniúcháin cinneadh deimhniúcháin a eisiúint faoi réir coinníollacha, lena n-áirithítear maolú leordhóthanach na rioscaí a bhféadfadh tionchar diúltach a bheith acu ar líonadh na saoráidí stórála gáis faoi thalamh,ar choinníoll gur féidir a n-inoibritheacht a áirithiú go hiomlán trí chur chun feidhme agus trí fhaireachán éifeachtach. Féadfar a áireamh ar na coinníollacha sin, go háirithe, ceangal a chur ar an úinéir córais stórála nó ar an oibreoir córais stórála bainistiú an chórais stórála a aistriú.

5.   I gcás ina gcinneann an t-údarás deimhniúcháin nach féidir an baol atá ann maidir leis an soláthair gáis a mhaolú faoi choinníollacha de bhun mhír 4, lena n-áirítear trína cheangal ar an úinéir córais stórála nó ar an oibreoir córais stórála bainistiú an chórais stórála a aistriú, agus dá bhrí sin go ndiúltaíonn sé an deimhniúchán, déanfaidh sé an méid seo a leanas:

(a)

ceangal a chur ar an úinéir córais stórála nó ar an oibreoir córais stórála nó ar aon duine a mheasann sé a d’fhéadfadh cinnteacht an tsoláthair fuinnimh nó leasanna slándála riachtanacha an Aontais nó aon Bhallstáit a chur i mbaol an scairsheilbh nó na cearta atá aige ar an úinéireacht córais stórála nó ar an úinéireacht oibreora córais stórála a dhiúscairt agus teorainn ama a leagan síos don diúscairt sin;

(b)

i gcás inarb iomchuí, bearta idirlinne a ordú chun a áirithiú nach féidir le duine den sórt sin aon rialú nó ceart a fheidhmiú ar an úinéir córais stórála nó ar an oibreoir córais stórála sin go dtí go ndéanfar an scairsheilbh nó na cearta a dhiúscairt; agus

(c)

foráil a dhéanamh maidir leis na bearta cúiteacha iomchuí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

6.   Tabharfaidh an t-údarás deimhniúcháin fógra faoina dhréachtchinneadh deimhniúcháin don Choimisiún gan mhoill, in éineacht le faisnéis ábhartha uile.

Tabharfaidh an Coimisiún tuairim ar an dréachtchinneadh deimhniúcháin don údarás deimhniúcháin laistigh de 25 lá oibre ó fhógra den sórt sin a fháil. Tabharfaidh an t-údarás deimhniúcháin an aird is mó is féidir a thabhairt ar an tuairim ón gCoimisiún.

7.   Glacfaidh an t-údarás deimhniúcháin a chinneadh deimhniúcháin laistigh de 25 lá oibre ón tuairim ón gCoimisiún a fháil.

8.   Sula gcuirfear saoráid stórála gáis nuathógtha faoi thalamh i bhfeidhm, déanfar an t-oibreoir córais stórála a dheimhniú i gcomhréir le míreanna 1 go 7. Tabharfaidh an t-oibreoir córais stórála fógra don údarás deimhniúcháin go bhfuil sé beartaithe aige an tsaoráid stórála a chur i bhfeidhm.

9.   Tabharfaidh na hoibreoirí córais stórála fógra don údarás deimhniúcháin ábhartha maidir le haon idirbheart atá beartaithe lena n-éileofaí athmheasúnú ar a gcomhlíontacht leis na ceanglais deimhniúcháin a leagtar amach i míreanna 1 go 4.

10.   Déanfaidh na húdaráis deimhniúcháin faireachán ar oibreoirí córais stórála ar bhonn leanúnach a mhéid a bhaineann le comhlíonadh na gceanglas deimhniúcháin a leagtar amach i míreanna 1 go 4. Osclóidh siad nós imeachta deimhniúcháin chun athmheasúnú a dhéanamh ar an gcomhlíonadh in aon cheann de na himthosca seo a leanas:

(a)

ar fhógra a fháil ón oibreoir córais stórála de bhun mhír 8 nó 9;

(b)

ar a dtionscnamh féin i gcás ina bhfuil siad ar an eolas go bhféadfadh sé go mbeadh neamhchomhlíonadh na gceanglas i míreanna 1, 2 agus 3 a bheith mar thoradh ar athrú atá beartaithe ar na cearta nó ar an tionchar ar oibreoir córais stórála;

(c)

ar iarraidh réasúnaithe ón gCoimisiún.

11.   Déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun a áirithiú go leanfar d’oibriú na saoráidí stórála gáis faoi thalamh ar a gcríocha faoi seach. Ní fhéadfaidh na saoráidí stórála gáis faoi thalamh sin imeacht ó oibríochtaí ach amháin i gcás nach gcomhlíontar ceanglais theicniúla agus sábháilteachta nó tar éis measúnú a dhéanamh arna ainmniú ag an údarás ainmnithe de bhun mhír 1, agus tuairim ENTSO-G á cur san áireamh, ar tuairim í lena gcinntear nach lagaíonn an t-imeacht cinnteacht an tsoláthair gáis ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta.

Déanfar bearta cúiteacha iomchuí, i gcás inarb iomchuí, mura gceadaítear scor na n-oibríochtaí.

12.   Féadfaidh an Coimisiún treoir a eisiúint maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo.

13.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na codanna de shaoráidí GNL a úsáidtear le haghaidh stórála.

(*5)  Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2017 maidir le bearta chun cinnteacht an tsoláthair gáis a choimirciú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 994/2010 (IO L 280, 28.10.2017, lch. 1).”."

(2)

in Airteagal 13, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“3.   Féadfaidh an t-údarás rialála náisiúnta lascaine suas le 100 % a chur i bhfeidhm ar tharaifí tarchurtha acmhainnbhunaithe agus ar tharaifí dáileacháin ag pointí iontrála ó shaoráidí stórála gáis faoi thalamh agus ag pointí scoir chucu, agus ó shaoráidí GNL, ach amháin má úsáidtear saoráid den sórt sin atá nasctha le níos mó ná gréasán tarchurtha amháin nó gréasán dáileacháin amháin, agus a mhéid a úsáidfear an tsaoráid stórála sin, chun dul in iomaíocht le pointe idirnaisc.

Beidh feidhm ag an mír seo go dtí an 31 Nollaig 2025.”.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Meitheamh 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

F. RIESTER


(1)  Tuairim an 18 Bealtaine 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meitheamh 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 28 Meitheamh 2022.

(3)  Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2017 maidir le bearta chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 994/2010 (IO L 280, 28.10.2017, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(5)  Rialachán (AE) 2017/459 ón gCoimisiún an 16 Márta 2017 lena mbunaítear cód gréasáin maidir le sásraí leithdháilte acmhainneachta i gcórais tarchuir gáis agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 984/2013 (IO L 72, 17.3.2017, lch. 1).

(6)  Treoir 2008/114/CE ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 maidir le bonneagair chriticiúla Eorpacha a shainaithint agus a ainmniú agus maidir le measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le cosaint na mbonneagar sin a fheabhsú (IO L 345, 23.12.2008, lch. 75).

(7)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2009/119/CE agus (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le coinníollacha le haghaidh rochtana ar na gréasáin gáis nádúrtha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1775/2005 (IO L 211, 14.8.2009, lch. 36).


IARSCRÍBHINN

IARSCRÍBHINN Ia (1)

Conair líonta le spriocanna idirmheánacha agus spriocanna líonta do 2022 do na Ballstáit a bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh acu

Ballstát

Sprioc idirmheánach an 1 Lúnasa

Sprioc idirmheánach an 1 Meán Fómhair

Sprioc idirmheánach an 1 Deireadh Fómhair

Sprioc líonta an 1 Samhain

AT

49  %

60  %

70  %

80  %

BE

49  %

62  %

75  %

80  %

BG

49  %

61  %

75  %

80  %

CZ

60  %

67  %

74  %

80  %

DE

45  %

53  %

80  %

80  %

DK

61  %

68  %

74  %

80  %

ES

71  %

74  %

77  %

80  %

FR

52  %

65  %

72  %

80  %

HR

49  %

60  %

70  %

80  %

HU

51  %

60  %

70  %

80  %

IT

58  %

66  %

73  %

80  %

LV

57  %

65  %

72  %

80  %

NL

54  %

62  %

71  %

80  %

PL

80  %

80  %

80  %

80  %

PT

72  %

75  %

77  %

80  %

RO

46  %

57  %

66  %

80  %

SE

40  %

53  %

67  %

80  %

SK

49  %

60  %

70  %

80  %

IARSCRÍBHINN Ib

Freagracht chomhroinnte maidir leis an sprioc líonta agus leis an gconair líonta

Maidir leis an sprioc líonta agus leis an gconair líonta de bhun Airteagal 6a, comhroinneann Poblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Poblacht na hOstaire an fhreagracht a bhaineann leis na saoráidí stórála Haidach agus 7Fields. Tá cóimheas cruinn agus fairsinge na freagrachta sin de chuid Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Phoblacht na hOstaire faoi réir comhaontú déthaobhach idir na Ballstáit sin.

”.

(1)  Tá an Iarscríbhinn seo faoi réir oibleagáidí pro rata gach Ballstáit faoin Rialachán seo, go háirithe Airteagail 6a, 6b agus 6c.

I gcás na mBallstát a thagann faoi Airteagal 6a(2), ríomhfar an sprioc idirmheánach pro rata tríd an luach atá léirithe sa tábla a iolrú faoin teorainn 35 % agus tríd an toradh a roinnt ar 80 %.