Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D1044

Cinneadh (CBES) 2022/1044 ón gCoiste Polaitiúil Agus Slándála an 28 Meitheamh 2022 lena gcuirtear síneadh le sainordú Cheann Misin Mhisean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh do na Críocha Palaistíneacha (EUPOL COPPS) (EUPOL COPPS/1/2022)

ST/8408/2022/INIT

IO L 173, 30.6.2022, p. 73–74 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 30/06/2023

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/1044/oj

30.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 173/73


CINNEADH (CBES) 2022/1044 ÓN gCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA

an 28 Meitheamh 2022

lena gcuirtear síneadh le sainordú Cheann Misin Mhisean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh do na Críocha Palaistíneacha (EUPOL COPPS) (EUPOL COPPS/1/2022)

TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38, an tríú mír, de,

Ag féachaint do Chinneadh 2013/354/CBES ón gComhairle an 3 Iúil 2013 maidir le Misean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh do na Críocha Palaistíneacha (EUPOL COPPS) (1), agus go háirithe Airteagal 9(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 9(1) de Chinneadh 2013/354/CBES, údaraítear don Choiste Polaitiúil agus Slándála, i gcomhréir le hAirteagal 38 den Chonradh, na cinntí ábhartha a ghlacadh chun rialú polaitiúil agus treoir straitéiseach Mhisean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh do na Críocha Palaistíneacha (EUPOL COPPS) a fheidhmiú, lena n-áirítear an cinneadh Ceann Misin a cheapadh.

(2)

An 13 Deireadh Fómhair 2020, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2020/1541 (2) lena gceaptar Nataliya APOSTOLOVA mar Cheann Misin EUPOL COPPS don tréimhse ón 15 Samhain 2020 go dtí an 30 Meitheamh 2021.

(3)

An 28 Meitheamh 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/1066 (3), lenar cuireadh síneadh le sainordú EUPOL COPPS go dtí an 30 Meitheamh 2022.

(4)

An 1 Iúil 2021, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2021/1128 (4), lena gcuirtear síneadh le sainordú Nataliya APOSTOLOVA mar Cheann Misin EUPOL COPPS go dtí an 30 Meitheamh 2022.

(5)

An 27 Meitheamh 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/1018 (5) lena gcuirtear síneadh le sainordú EUPOL COPPS ón 1 Iúil 2022 go dtí an 30 Meitheamh 2023.

(6)

Tá molta ag Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála go ndéanfaí síneadh a chur le sainordú Nataliya APOSTOLOVA mar Cheann Misin EUPOL COPPS ón 1 Iúil 2022 go dtí an 30 Meitheamh 2023,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, cuirtear síneadh le sainordú Nataliya APOSTOLOVA mar Cheann Misin Mhisean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh do na Críocha Palaistíneacha (EUPOL COPPS) ón 1 Iúil 2022 go dtí an 30 Meitheamh 2023.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2022.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Meitheamh 2022.

Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála

D. PRONK

An Cathaoirleach


(1)   IO L 185, 4.7.2013, lch. 12.

(2)  Cinneadh (CBES) 2020/1541 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 13 Deireadh Fómhair 2020 maidir le Ceann Misin Mhisean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh do na Críocha Palaistíneacha (EUPOL COPPS) (EUPOL COPPS/1/2020) a cheapadh (IO L 353, 23.10.2020, lch. 8).

(3)  Cinneadh (CBES) 2021/1066 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2021 lena leasaítear Cinneadh 2013/354/CBES maidir le Misean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh do na Críocha Palaistíneacha (EUPOL COPPS) (IO L 229, 29.6.2021, lch. 13).

(4)  Cinneadh (CBES) 2021/1128 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 1 Iúil 2021 lena gcuirtear síneadh le sainordú Cheann Misin Mhisean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh do na Críocha Palaistíneacha (EUPOL COPPS) (EUPOL COPPS/1/2021) (IO L 244, 9.7.2021, lch. 3).

(5)  Cinneadh (CBES) 2022/1018 ón gComhairle an 27 Meitheamh 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2013/354 ón gComhairle a maidir le Misean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh do na Críocha Palaistíneacha (EUPOL COPPS) (IO L 170, 28.6.2022, lch. 76).


Top